Cur síos ar na hocht leibhéal EQF

 

Sainmhínítear gach ceann de na 8 leibhéal den EQF le tacar tuairiscí a léiríonn na torthaí foghlama a bhaineann le cáilíochtaí ag an leibhéal sin in aon chóras cáilíochtaí.

Sainmhínítear na torthaí foghlama i dtéarmaí:

Eolas: Nuair a dhéantar trácht ar eolas i gcomhthéacs EQF, is eolas teoiriciúil agus/nó fíorasach atá i gceist.

Scileanna: Nuair a dhéantar trácht ar scileanna i gcomhthéacs EQF, is iad scileanna cognaíocha (scileanna lena mbaineann smaointeoireacht loighciúil iomasach chriticiúil) agus scileanna praiticiúla (scileanna lena mbaineann deaslámhacht mar aon le húsáid modhanna, ábhar, uirlisí agus ionstraimí) atá i gceist.

Freagracht agus neamhspleáchas: I gcomhthéacs EQF, is éard atá i gceist le freagracht agus neamhspleáchas cumas an fhoghlaimeora eolas agus scileanna a chur chun feidhme go neamhspleách agus go freagrach.

Comhoiriúnacht don Chreat Cáilíochtaí le haghaidh an Réimse Ardoideachais Eorpaigh

Leis an gCreat Cáilíochtaí le haghaidh an Réimse Ardoideachais Eorpaigh, cuirtear tuairisceoirí ar fáil maidir le trí thimthriall a chomhaontaigh na hairí atá freagrach as an ardoideachas ag cruinniú a reáchtáladh in Bergen i mí na Bealtaine 2005 faoi chreat phróiseas Bologna. Le gach tuairisceoir timthrialla, cuirtear ráiteas cineálach ar fáil maidir leis na gnáth-ionchais i dtaca le gnóthachtálacha agus na cumais a bhaineann le cáilíochtaí a bhronntar ag deireadh an timthrialla sin.

  1. An tuairisceoir don timthriall gearr a forbraíodh leis an Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Cáilíochtaí mar chuid de phróiseas Bologna, (laistigh den chéad timthriall nó nasctha leis) comhfhreagraíonn sé do thorthaí foghlama leibhéal 5 EQF.
  2. Comhfhreagraíonn an tuairisceoir don chéad timthriall do thorthaí foghlama leibhéal 6 EQF 
  3. Comhfhreagraíonn an tuairisceoir don dara timthriall do thorthaí foghlama leibhéal 7 EQF.
  4. Comhfhreagraíonn an tuairisceoir don tríú timthriall do thorthaí foghlama leibhéal 8 EQF.