Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide Europass

Réamhrá

Cuirtear seirbhísí ardán Europass ar fáil duit faoi réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha seo a leanas. Trí rochtain a fháil ar ár n-ardán nó úsáid a bhaint as, aontaíonn tú le bheith faoi cheangal ag na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide seo.

Mar úinéir an ardáin, tá freagracht ar an gCoimisiún Eorpach a chinntiú go bhfuil an t-ardán slán iontaofa inrochtana do gach úsáideoir. Sin an fáth ar cuireadh sraith Téarmaí agus Coinníollacha i bhfeidhm chun úsáid an ardáin a rialú agus chun a chinntiú go bhfuil an t-ardán á úsáid chun na críche atá beartaithe dó, is é sin trédhearcacht níos fearr a chur chun cinn maidir le cáilíochtaí agus inniúlachtaí trí phunann uirlisí agus doiciméad. Tá sé tábhachtach go bhfuil tú ar an eolas faoi na Téarmaí agus Coinníollacha seo agus go gcloíonn tú leo chun timpeallacht shábháilte shlán chothrom a chothabháil do gach úsáideoir.

Dá bhrí sin, tá feidhm ag na téarmaí agus coinníollacha seo a leanas maidir le húsáid ardán Europass:

Ábhar Mídhleathach nó Míthreorach

Ní mór duit inneachar a uaslódáil, a stóráil, nó a chomhroinnt ar ardán Europass atá ailínithe leis an gcuspóir atá beartaithe do Europass. Níor cheart duit ardán Europass a úsáid chun aon ábhar neamhdhleathach ná míthreorach a uaslódáil, a stóráil nó a chomhroinnt, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta d’fhaisnéis bhréagach, bradaíl, nó sáruithe ar mhaoin intleachtúil (ábhar a sháraíonn cearta maoine intleachtúla daoine eile, amhail ábhar faoi chóipcheart nó trádmharcanna).

Príobháideachas agus Cosaint Sonraí

Ní mór duit meas a bheith agat ar phríobháideachas úsáideoirí eile agus cloí leis na rialacha cosanta sonraí. Níor cheart duit aon fhaisnéis íogair nó phearsanta a uaslódáil nó a roinnt gan toiliú sainráite an úinéara.

Iompar Eiticiúil

Ní mór duit ardán Europass a úsáid ar bhealach eiticiúil measúil, agus aon ghníomh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach, maslach, nó idirdhealaitheach i leith daoine eile a sheachaint. Níor cheart duit aon ábhar mí-eiticiúil nó mí-oiriúnach a uaslódáil, a stóráil ná a roinnt.

Slándáil

Tá sé de fhreagracht ort do chuntas a choinneáil slán trí phasfhocal láidir a chruthú agus é a choinneáil príobháideach. Ná roinn do chuid faisnéise cuntais le daoine eile ná iarr na sonraí logála isteach le haghaidh cuntas duine eile. Ina theannta sin, b’fhéidir gur mhaith leat céimeanna breise réasúnta a ghlacadh chun slándáil do chuntais a chinntiú, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’fhíordheimhniú dhá fhachtóir a ghníomhachtú, rud a chuirtear ar fáil le EU Login.

Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide a Mhodhnú

Forchoimeádann an Coimisiún Eorpach an ceart na Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide seo a mhodhnú tráth ar bith. Cuirfear aon athrú den sórt sin in iúl ar an ardán, agus is ionann an úsáid leanúnach a bhaineann tú as ardán Europass agus do chomhaontú leis an leagan is déanaí de na Téarmaí agus Coinníollacha.

Trí úsáid a bhaint as ardán Europass, aithníonn tú na beartais agus na rialacháin a leagtar amach sna Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide seo agus aontaíonn tú iad a chomhlíonadh.

I gcás aon sárú ar na Téarmaí agus Coinníollacha, forchoimeádann an Coimisiún Eorpach an ceart aon ábhar a d’fhéadfaí a mheas a bheith neamhdhleathach, míthreorach, mí-eiticiúil nó mí-oiriúnach ar aon bhealach eile a bhaint. Ina theannta sin, forchoimeádann an Coimisiún an ceart rochtain ar an ardán sin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a bhlocáil ar bhonn sealadach nó buan d’aon úsáideoir a sháraíonn na Téarmaí agus Coinníollacha, agus aon sonraí a bhaineann leis na cuntais sin a scriosadh. Ní ghlacann an Coimisiún Eorpach le haon dliteanas i leith caillteanais nó damáiste a eascraíonn as gníomh den sórt sin.

Go raibh maith agat as do chomhoibriú agus as cloí leis na téarmaí agus na coinníollacha sin.