An Forlíonadh Dioplóma a eisiúint 

Cad é?

Is doiciméad é ina ndéantar tuairisc ar an eolas agus na scileanna atá ag daoine a bhfuil céimeanna ardoideachais acu. 

Cuireann sé faisnéis bhreise ar fáil i dteannta na faisnéise sin atá ar na céimeanna / dioplómaí oifigiúla agus/nó tras-scríbhinn le go mbeidh sé níos intuigthe, go háirithe d’fhostóirí agus institiúidí lasmuigh den tír eisiúna.

Cé air a bhfuil sé dírithe?

Eisítear an Forlíonadh Dioplóma Europass chuig céimithe institiúidí ardoideachais mar aon lena gcéim nó dioplóma.

Nithe nach bhfuil i gceist leis

Maidir leis an Forlíonadh Dioplóma Europass:

  • ní féidir é a úsáid in ionad dioplóma nó céim bhunaidh;
  • ní córas uathoibríoch é lena gcinntítear aitheantas.

Cá háit ar féidir é a fháil?

Is í an institiúid ardoideachais a bhronnann an chéim nó dioplóma bunaidh a eisíonn an Forlíonadh Dioplóma Europass.

Féach na treoracha maidir leis an bhForlíonadh Dioplóma a eisiúint. 

Féach samplaí den Fhorlíonadh Dioplóma.