An Creat Eorpach um Cháilíochtaí

D'fhorbair an tAontas Eorpach an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) le bheith ina uirlis aistriúcháin ionas go mbeadh sé níos éasca cáilíochtaí náisiúnta a thuiscint agus a chur i gcomparáid le chéile. Féachann EQF le tacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht trasteorann foghlaimeoirí agus oibrithe, agus leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus an fhorbairt ghairmiúil a chur chun cinn ar fud na hEorpa.

Cad é EQF?

Is é atá in EQF creat 8 leibhéal atá bunaithe ar thorthaí foghlama le haghaidh gach cineáil cáilíochta agus a fheidhmíonn mar uirlis aistriúcháin idir creataí náisiúnta cáilíochtaí éagsúla. Cuireann an creat sin feabhas ar thrédhearcacht, ar inchomparáideacht agus ar iniomparthacht cáilíochtaí daoine agus a bhuí leis, is féidir comparáid a dhéanamh idir cáilíochtaí ó thíortha agus ó institiúidí difriúla.

Clúdaítear gach cineál agus leibhéal cáilíochta ar EQF agus a bhuí leis an úsáid a bhaintear as torthaí foghlama, is éasca tuiscint a fháil ar an méid atá ar eolas ag duine, an méid a thuigeann siad agus an méid atá siad in ann a dhéanamh. Téann an leibhéal in airde i gcomhréir le leibhéal an chumais, is é sin gurb é leibhéal 1 an leibhéal is ísle agus leibhéal 8 an leibhéal is airde. Is é an rud is tábhachtaí go bhfuil dlúthnasc idir EQF agus creataí náisiúnta cáilíochtaí agus, ar an gcaoi sin, is féidir leis léarscáil chuimsitheach ar chur ar fáil de gach cineál agus leibhéal cáilíochta san Eoraip, cáilíochtaí atá ag éirí níos inrochtana trí bhunachair sonraí cáilíochtaí.>

Bunaíodh EQF in 2008 agus rinneadh athbhreithniú air arís in 2017. Cinntíodh príomhchuspóirí an chreata leis an athbhreithniú a rinneadh, is iad sin trédhearcacht agus muinín fhrithpháirteach a chruthú i gcóras cáilíochtaí na hEorpa. Thug na Ballstáit a ngealltanas go ndéanfaidís tuilleadh forbartha ar EQF ionas go mbeadh sé níos éifeachtaí ó thaobh tuiscint a chothú i measc fostaithe, oibrithe agus foghlaimeoirí ar cháilíochtaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus tríú tíortha.

Cé na tíortha atá rannpháirteach ann?

Sa bhreis ar na Ballstáit den Aontas, tá 11 thír eile ag obair chun EQF a chur chun feidhme, is iad sin an Íoslainn, Lichtinstéin, agus an Iorua (tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch), an Albáin, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc (tíortha is iarrthóirí), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv ** (iarrthóirí ionchasacha) agus an Eilvéis.

 

 

Cé eile atá rannpháirteach ann?

Bunaíodh Grúpa Comhairleach EQF in 2008 agus is é an fóram lárnach é le haghaidh plé idir an Coimisiún, tíortha agus páirtithe leasmhara ó earnáil an oideachais, na hoiliúna agus na fostaíochta agus ón tsochaí shibhialta. Is é an ról atá ag an nGrúpa Comhairleach comhleanúnachas foriomlán a chinntiú mar aon le trédhearcacht agus muinín sa phróiseas tagartha a chur chun cinn. Foilsítear miontuairiscí agus doiciméid ó chruinnithe Ghrúpa Comhairleach EQF sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin

Ina gcáil mar Ghníomhaireachtaí Eorpacha, tá ról tábhachtach ag an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus ag an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) i dtacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme EQF.

Is líonra lárionad náisiúnta é líonra ENIC/NARIC a bunaíodh chun tacaíocht dhíreach a thabhairt d'institiúidí agus do shaoránaigh i dtaca le haitheantas ar cháilíochtaí acadúla.

Man comparing EQF levels

Oibríonn EQF i gcomhar le hionstraimí Eorpacha agus idirnáisiúnta eile chun tacú le haitheantas ar cháilíochtaí.

Cad é an próiseas tagartha?

Le Moladh EQF, iarrtar ar na Ballstáit tagairt a dhéanamh dá gcreataí nó dá gcórais cáilíochtaí náisiúnta i gcomhar le EQF chun nasc soiléir trédhearcach a leagan síos idir a leibhéil náisiúnta cáilíochta agus na 8 leibhéal de EQF. Moltar do na Ballstáit athbhreithniú agus nuashonrú, nuair is ábhartha, a dhéanamh ar thagairtí do leibhéil na gcreataí nó na gcóras náisiúnta cáilíochtaí i gcomhar le leibhéil EQF.

Ní mór do gach tír ar mian léi a leibhéil náisiúnta cáilíochtaí a chur in oiriúint do EQF tuairisc thagartha mhionsonraithe a ullmhú, tuairisc a leanann na 10 gcritéar tagartha in EQF a chomhaontaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Moladh athbhreithnithe EQF. Cuirtear tuairiscí tagartha náisiúnta faoi bhráid Ghrúpa Comhairleach EQF lena gceadú, má chomhlíonann siad na critéir thagartha.

A luaithe is a chuirtear creataí náisiúnta in oiriúint do EQF, ba cheart tagairt shoiléir do leibhéal ábhartha EQF agus NQF a bheith, i bprionsabal, ar gach cáilíocht a eisítear ó shin i leith (e.g. teastais, dioplómaí, forlíontaí teastais agus forlíontaí dioplóma).