Soghluaisteacht Europass le haghaidh páirtithe leasmhara

Cad é?

Is doiciméad é ina ndéantar tuairisc ar eolas agus scileanna a fuarthas i dtír Eorpach eile. 

  • socrúchán oibre i gcuideachta;
  • téarma acadúil mar chuid de chlár malairte;
  • socrúchán deonach in eagraíocht neamhrialtasach.

Cé air a bhfuil sé dírithe?

Aon duine atá ag aistriú chuig tír Eorpach chun críocha oideachais nó taithí oibre, beag beann ar an aois atá acu nó a leibhéal oideachais.

Cé a líonann amach é?

An dá eagraíocht chomhpháirtíochta a bhfuil baint acu leis an tionscadal soghluaisteachta, an chéad cheann sa tír thionscnaimh agus an dara ceann sa tír óstach.

D’fhéadfadh na páirtithe a bheith ina n-ollscoileanna, scoileanna, ionaid oiliúna, cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, etc.

Cá háit ar féidir é a fháil?

Déan teagmháil leis an eagraíocht atá chun tú a chur thar lear agus iarr uirthi teagmháil a dhéanamh leis an Lárionad Náisiúnta Europass.

Féach samplaí de Shoghluaisteacht Europass

Féach na treoracha le haghaidh institiúidí oideachais agus oiliúna chun an tSoghluaisteacht Europass a eisiúint

Treoracha