Próifíl Europass 

Uirlis is ea próifíl Europass a chuidíonn le daoine a ngairm agus a gcuid foghlama a bhainistiú.

Is féidir le próifíl Europass cuidiú le daoine a gcuid foghlama agus a bhforbairt ghairmiúil a phleanáil. Is féidir le heagraíochtaí – fostóirí, eagraíochtaí deonacha, earcaitheoirí, cleachtóirí treorach, eagraíochtaí óige, institiúidí oideachais agus oiliúna agus eile – úsáid a bhaint as an bpróifíl mar chuid den tacaíocht agus de na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do dhaoine.

Cad é próifíl Europass?

Is féidir le húsáideoirí Europass próifíl saor in aisce a chruthú le Europass, próifíl inar féidir leo a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí a thaifeadadh in aon áit shlán amháin ar líne. Is féidir le húsáideoirí na rudaí seo go léir a thaifeadadh ina bpróifíl: taithí oibre, oideachais agus oiliúna, scileanna teanga, scileanna digiteacha, eolas maidir le tionscadail, taithí ar obair dheonach agus gnóthachtálacha. Is féidir le húsáideoirí a ndioplómaí, litreacha molta nó doiciméid eile a stóráil freisin ina Leabharlann phearsanta Europass.

 

Seo cuid de na bealaí ar féidir an phróifíl a úsáid:

  • Chun tacú le fostaithe a dtaithí a thaifeadadh agus a bhforbairt ghairmiúil a bhainistiú
  • Chun daoine óga a spreagadh chun a gcuid scileanna a thaifeadadh agus a ngairm a phleanáil
  • Chun cuidiú le mic léinn a ngnóthachtálacha acadúla a thaifeadadh chomh maith leis an dul chun cinn a dhéanann siad le linn cláir oideachais agus oiliúna
  • Chun cuidiú le hoibrithe deonacha taifead a choimeád ar an taithí atá acu ar obair dheonach
  • Chun cuidiú le cuardaitheoirí poist nó le daoine ar mian leo a ngairm a athrú a gcuid scileanna agus deiseanna nua a shainaithint
  • Trí iarraidh ar iarratasóirí próifíl a ullmhú agus a chur isteach mar chuid dá n-iarratas ar fholúntas poist
  • Chun tacú leis an bhfoghlaim seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú mar uirlis a chuidíonn le daoine machnamh a dhéanamh ar na scileanna a d'fhorbair siad i rith a saoil agus doiciméadú a dhéanamh orthu

 

girl holding out a mobile phone and pointing to it

Is uirlis don fhoghlaim ar feadh an tsaoil í próifíl Europass. Má dhéanann úsáideoirí nuashonrú ar a bpróifíl agus má chuireann siad léi go leanúnach, beidh rochtain acu i gcónaí ar léargas cothrom le dáta ar a gcuid scileanna. Na húsáideoirí a chruthaíonn próifíl Europass, gheobhaidh siad moltaí faoi phoist agus cúrsaí spéisiúla bunaithe ar an eolas atá ina bpróifíl.

Próifíl Europass a úsáid

Is féidir leat próifíl Europass a úsáid mar chuid de na seirbhísí agus den tacaíocht a chuireann tú ar fáil do dhaoine – bíodh sé i dtaca lena gcuid staidéir, lena ngairm, leis an obair dheonach a dhéanann siad nó le gníomhaíochtaí eile dá gcuid. Tá sé saor in aisce úsáid a bhaint as Europass. Nuair a chláraíonn úsáideoirí, is féidir leo a bpróifíl a chruthú in aon teanga amháin de chuid an Aontais, nó níos mó. Is ag an úsáideoir cláraithe atá an smacht ar a chuid sonraí agus is eisean a roghnaíonn cé lena roinnfidh sé iad agus cá fhad a mhairfidh an tréimhse roinnte sin. Ní roinnfidh Europass aon sonraí pearsanta riamh gan cead a fháil ón úsáideoir.

Tús a chur leis

Is féidir leat ár gCeisteanna Coitianta a léamh nó dul i dteagmháil linn chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi ar féidir le Europass cuidiú leat i do chuid oibre le cliaint, le mic léin agus le fostaithe.