Déan do scileanna digiteacha a thástáil

Déan an triail shimplí seo chun cabhrú leat an leibhéal scileanna digiteacha atá agat a thuiscint.

Cén fáth ar cheart duit do scileanna digiteacha a thuiscint?

Sa mhargadh fostaíochta atá ann faoi láthair, tá leibhéal éigin scileanna digiteacha de dhíth sa chuid is mó de na poist. Nuair a dhéanfaidh tú an triail seo, gheobhaidh tú sraith ceisteanna bunaithe ar an gcreat maidir le hInniúlachtaí Digiteacha atá struchtúrtha chun go dtuigfidh tú an leibhéal scileanna atá agat i ngnéithe éagsúla ar dhóigh shoiléir. 

Nuair a bheidh an triail críochnaithe agat, gheobhaidh tú tuairisc mhionsonraithe ina mbeidh cur síos ar do mheánleibhéal. Beidh tú in ann na réimsí láidre agus laga atá agat a aithint. 

Conas a oibríonn an triail?

  • Freagair roinnt ceisteanna maidir le buneolas faoin bpost is ansa leat agus faoi do leibhéal oideachais ar dtús ionas go mbeifear in ann an triail a chur in oiriúint do do chuid riachtanas 
  • Cuirtear tús leis an triail féin ina roghnaíonn tú an rogha chuí mar fhreagra ar gach ceist
  • Tar éis duit an triail a chríochnú, feicfidh tú an leibhéal scileanna digiteacha atá agat
  • Gheobhaidh tú tuarascáil mhionsonraithe freisin ina mbeidh cur síos ar do leibhéal 

An chéad chéim eile?

Ní leor díreach eolas a bheith agat ar do leibhéal scileanna digiteacha. Nuair a gheobhaidh tú torthaí na trialach, is féidir leat na scileanna a aithint ar gá duit feabhas a chur orthu chun dul chun cinn a dhéanamh i do phost reatha nó chun bheith ullamh don phost a d’fhéadfadh a bheith agat amach anseo.

Gheobhaidh tú treochlár foghlama ag deireadh na trialach a chabhróidh leat cúrsaí a aithint agus a dhéanamh a thacóidh leat sainspriocanna foghlama a bhaint amach.

Video file