Europass le haghaidh an Oideachais agus na hOiliúna

Acmhainn luachmhar le haghaidh mic léinn agus céimnithe mar aon le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna san Eoraip is ea Europass. Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn tairseach Europass, tacar saor in aisce uirlisí agus eolais ar líne i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt ghairme.

An uirlis Eorpach chun do ghairm agus do chuid staidéir a bhainistiú

Uirlis ilteangach is ea Europass a chuirfidh ar a gcumas do do mhic léinn nó do mhic léinn ionchasacha a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí go léir a dhoiciméadú in aon áit amháin. Leis an uirlis shlán ar líne, is féidir le húsáideoirí Europass próifíl phearsanta a chruthú chun a spriocanna a shainaithint agus taifead a choimeád ar a gcuid foghlama agus gnóthachtálacha go léir.

Is féidir le mic léinn a bpróifíl a úsáid le linn a gcuid staidéir freisin chun taifead a choimeád ar na tionscadail, na gnóthachtálacha agus an dul chun cinn atá déanta acu.

Is féidir le mic léinn ionchasacha a bpróifíl, a CVanna agus a ndoiciméid eile a roinnt leat ar Europass chun a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí a chur in iúl duit go soiléir.

Seo a leanas cur síos ar roinnt uirlisí eile a chuireann Europass ar fáil duit freisin chun cuidiú le do mhic léinn a gcuid scileanna agus cáilíochtaí a chur in iúl:

  • Is iad institiúidí ardoideachais a eisíonn an Forlíonadh Dioplóma a chuireann eolas úsáideach ar fáil maidir le cáilíochtaí ardoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúid) i bhformáid chaighdeánach.
  • Is iad institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a eisíonn Forlíonadh Teastais Europass a chuireann eolas úsáideach ar fáil maidir le do cháilíochtaí gairmoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúid) i bhformáid chaighdeánach.
  • Tugann Soghluaisteacht Europass cur síos ar thaithí idirnáisiúnta agus na scileanna a d'fhorbair mic léinn agus iad ag staidéar, ag obair nó ag déanamh obair dheonach i dtír eile.

Eolas maidir leis an staidéar agus leis an bhfoghlaim san Eoraip

Cuireann Europass eolas de gach sórt ar fáil i 29 dteanga do mhic léinn agus d'fhoghlaimeoirí chun a bhfoghlaim, a ngairm agus a dtréimhsí soghluaisteachta a phleanáil.

Is féidir le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna eolas a fháil freisin faoi na nithe seo a leanas:

Cuireann Europass leathanaigh na dtíortha ar fáil freisin a bhfuil eolas orthu maidir le seirbhísí ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta agus eolas maidir leis an bhfoghlaim agus le dul ag obair san Eoraip.

Man sitting next to a laptop and a suitcase, and reading a book

Dintiúir Dhigiteacha Europass

Leis an gcreat maidir le Dintiúir Dhigiteacha Europass, is féidir le hinstitiúidí cáilíochtaí digiteacha crioscaíldíonacha agus dintiúir foghlama eile a eisiúint. A bhuí le Dintiúir Dhigiteacha Europass, tá bealach simplí agus iontaofa ag foghlaimeoirí, fostóirí, institiúidí oideachais agus oiliúna agus ag comhlachtaí údaraithe eile barántúlacht dintiúr digiteach a sheiceáil. Tá dintiúir dhigiteacha Europass coibhéiseach ó thaobh an dlí de le teastais ar pháipéar ar fud an Aontais Eorpaigh agus tá fáil oscailte agus saor in aisce ar gach gné den bhonneagar. Faigh tuilleadh eolais maidir le conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann

Europass a chur chun cinn

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair le tíortha, páirtithe leasmhara agus saineolaithe rannpháirteacha ar fud an Aontais chun Europass a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach ag institiúidí oideachais agus oiliúna, ag lucht ceaptha beartas agus ag saineolaithe i dtaca le Europass a úsáid chun cuidiú le spriocphobail éagsúla agus chun an fhéidearthacht atá ann Europass a chur in oiriúint do riachtanais dhifriúla a léiriú.

Téigh i dteagmháil linn má tá aiseolas nó ceisteanna agat maidir le Europass.