Soghluaisteacht Europass

Má tá clár oiliúna déanta agat, nó seimeastar caite agat i mbun staidéir, i dtír eile, agus má tá bealach oifigiúil uait chun taifead a choimeád ar do thaithí, tá rud éigin againn duit! Is doiciméad é Soghluaisteacht Europass a chabhraíonn leat na scileanna a d'fhoghlaim tú le linn do thaithí a chur i láthair ar bhealach éasca seasmhach sothuigthe.

An gciallaíonn soghluaisteacht scileanna nua i gcónaí?

Is bealach iontach é am a chaitheamh i dtír eile chun foghlaim faoi chultúir nua agus chun scileanna nua a fhorbairt trí réimse leathan taithí a fháil. Cabhraíonn Soghluaisteacht Europass leat an taithí a fuair tú agus na scileanna nua luachmhara sin a d'fhoghlaim tú le linn cúrsa oiliúna, obair dheonach nó seimeastar i dtír eile a chur in iúl ar bhealach atá aitheanta go forleathan.

Cén tairbhe a bhainfidh mé as Soghluaisteacht Europass?

An taithí a fuair tú agus tú ag taisteal, ag staidéar nó ag obair i dtír eile, tá sé tábhachtach a bheith in ann machnamh a dhéanamh uirthi agus taifead a choimeád uirthi chun tairbhe do ghairme amach anseo.

Is doiciméad é Soghluaisteacht Europass a thugann cur síos ar na scileanna a d’fhoghlaim tú ar thréimhse shoghluaisteachta ar leith. D'fhéadfadh eolas a bheith sa doiciméad faoi do róil agus freagrachtaí, scileanna a bhaineann le post, scileanna teanga, scileanna digiteacha, scileanna eagrúcháin agus bainistíochta, agus scileanna cumarsáide. D’fhéadfadh na scileanna sin a bheith an-luachmhar agus tú ag déanamh iarratas ar phoist agus ar chúrsaí amach anseo.

Beidh tú in ann do phróifíl Europass a nuashonrú go héasca leis na scileanna agus leis an eolas atá i do Shoghluaisteacht Europass agus í a shábháil ansin i do leabharlann Europass.

Conas is féidir liom mo Shoghluaisteacht Europass a fháil?

Má ghlacann tú páirt i dtaithí shoghluaisteachta eagraithe i dtír eile agus más mian leat Soghluaisteacht Europass a fháil, beidh ort iarraidh ar an gcomhpháirtí seolta (e.g. an scoil nó an institiúid a eagraíonn do shocrúchán) clárú leis an Lárionad Náisiúnta Europass i do thír féin.

Líonfaidh an comhpháirtí seolta agus an eagraíocht óstach (an eagraíocht nó an institiúid a dtabharfaidh tú cuairt uirthi agus tú i dtír eile) isteach na doiciméid ábhartha.

Gheobhaidh tú do Shoghluaisteacht Europass tar éis do thaithí i dtír eile a chríochnú.

Samplaí de Shoghluaisteacht Europass