Dintiúir Dhigiteacha Europass

Comhad digiteach a eisíonn an institiúid ina ndearna tú staidéar is ea Dintiúr Digiteach Europass. Déantar cur síos ann ar do cháilíocht, agus is féidir eolas maidir le do ranganna, do ghráid, do thionscadail agus do chuid gnóthachtálacha eile a bheith san áireamh ann freisin.

Más mian leat dul i mbun staidéir, i mbun oibre nó obair dheonach a dhéanamh is minic a bhíonn ort fianaise maidir le do chuid cáilíochtaí agus gnóthachtálacha a chur faoi bhráid fostóirí, institiúidí oideachais agus eile. Is minic a bhíonn deacrachtaí ag daoine leis an bpróiseas sin, go háirithe más mian leo aistriú go tír eile chun deis nua a thapú.

A bhuí le Dintiúir Dhigiteacha Europass, is féidir leat do chéimeanna, do dhioplómaí agus do theastais a fháil i bhfoirm dhigiteach chun iad a roinnt le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna ar bhealach éasca éifeachtúil.

Is féidir leis an institiúid ina ndearna tú staidéar do dhioplóma nó do theastas a eisiúint mar Dhintiúr Digiteach Europass.

Is féidir leat do chomhad digiteach a iarraidh le stóráil i dtiachóg i do Leabharlann Europass; nó is féidir leat a iarraidh orthu é a sheoladh go díreach chugat trí ríomhphost nó go dtí áit éigin eile. Comhad luachmhar is ea do Dhintiúr Digiteach Europass, mar sin déan deimhin de go stórálann tú é in áit shlán i gcónaí.

 

Cén fáth a bhfuil Dintiúr Digiteach Europass uaim?

Is féidir leat do Dhintiúr Digiteach Europass a roinnt le fostóirí, le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna nó le heagraíochtaí eile a dteastaíonn eolas uathu maidir le do chuid cáilíochtaí. Nuair a bhreathnaíonn siad ar do Dhintiúr Digiteach Europass, is féidir leo a dheimhniú go huathoibríoch gur fíorcháilíocht í an cháilíocht atá agat agus gur leatsa í, agus is féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar do chuid scileanna agus taithí. Déan deimhin de go bhfuil a fhios agat i gcónaí cé hiad na daoine lena roinneann tú do chuid dintiúr. Má stórálann tú do dhintiúr i do Leabharlann Europass is féidir leat é a roinnt le daoine ar feadh tréimhse shonrach ama.

Córas saor in aisce agus slán is ea córas Dhintiúir Dhigiteacha Europass atá á bhainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá tús curtha ag an gCoimisiún Eorpach le hobair phíolótach ar Dhintiúir Dhigiteacha Europass i gcomhar le Ballstáit an Aontais agus tíortha eile. D'fhéadfá a bheith ar dhuine de na chéad chéimithe a gheobhaidh dioplóma nó teastas i bhformáid Dhintiúr Digiteach Europass.

Cuirfidh an institiúid ar an eolas thú má fhaigheann tú Dintiúr Digiteach Europass. Is féidir leat dul i dteagmháil linn freisin má tá ceisteanna agat maidir le Dintiúir Dhigiteacha Europass.

Smiling young woman showing her mobile phone