Do chuid foghlama a phleanáil

Le huirlisí Europass is féidir leat d’aistear foghlama a mhúnlú agus do chuid foghlama a phleanáil. Is féidir le Europass tacú leat machnamh a dhéanamh ar do chuid scileanna agus iad a thaifeadadh chun an deis cheart a fháil duit, is cuma cé acu atá tú díreach tar éis an scoil a chríochnú nó i do ghairmí a bhfuil taithí aige agus atá ag iarraidh scileanna nua a fháil. 

Machnamh a dhéanamh ar do chuid scileanna

Sula dtosaíonn tú ar thaithí nua foghlama, tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar an taithí agus ar na scileanna atá agat cheana féin. Cuireann sin ar do chumas luach do scileanna agus do thaithí a thuiscint i gceart, rud a bheidh ina threoir agat agus tú ag déanamh cinntí amach anseo. Déan iarracht na scileanna go léir a d'fhoghlaim tú sna cásanna seo a leanas a chur san áireamh:

  • lasmuigh den oideachas nó den oiliúint fhoirmiúil,
  • le linn taithí oibre,
  • le linn obair dheonach,
  • foghlaim ar líne,
  • trí chaitheamh aimsire agus
  • ó thionscadail, gradaim agus gnóthachtálacha eile.
Young woman thinking about her future

Do chuid scileanna agus do spriocanna foghlama agus gairme a thaifeadadh in Europass

Is féidir leat do phróifíl phearsanta Europass féin a chruthú chun na scileanna agus an taithí uile atá agat a thaifeadadh ionas go mbeidh léargas agat i gcónaí ar do ghnóthachtálacha, léargas atá soiléir, cothrom le dáta agus le fáil in aon áit amháin. Is féidir leat taifead pearsanta a chruthú de do chuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí go léir. Is féidir leat freisin rannáin nua a chruthú agus a chur le do phróifíl chun cur síos a dhéanamh ar thionscadail, ar ghnóthachtálacha agus ar chaithimh aimsire a bhfuil tú bródúil astu.

Sa rannán Mo Scileanna ar do Europass, is féidir leat forléargas ar do chuid scileanna a chur le chéile. Déanfaidh Europass anailís ar an eolas atá i do phróifíl agus tabharfaidh sé liosta scileanna, eolais agus inniúlachtaí duit a léiríonn an taithí atá agat.

San rannán Mo Réimsí Spéise ar do Europass, is féidir leat na spriocanna foghlama agus gairme atá agat sa saol a leagan amach. D’fhéadfaí gníomhaíochtaí agus ábhair ar mhaith leat díriú orthu a chur san áireamh ann, sin agus na háiteanna ar mhaith leat na spriocanna sin a bhaint amach.

Faigh tacaíocht ó sheirbhísí an Aontais