Do scileanna a fhorbairt trí obair dheonach

Is minic a eascraíonn taithí thairbheach agus deiseanna chun do scileanna a fhorbairt as obair dheonach. Is féidir le Europass cabhrú leat do thaithí ar obair dheonach a phleanáil agus taifead a dhéanamh di.

Cabhraíonn Europass leat sprioc a leagan síos chun teacht ar thaithí ar obair dheonach leis an uirlis Mo Réimsí Spéise atá le fáil in Europass. Déanann sé sin trí na tíortha a bhfuil suim agat obair dheonach a dhéanamh iontu, agus na hábhair nó na réimsí spéise atá tábhachtach duit, a liostáil. Is féidir leat taifead a choimeád den taithí ar fad atá agat ar obair dheonach i do phróifíl Europass.

Is féidir leat obair dheonach a dhéanamh ar son aon cheann de na cúiseanna difriúla atá tábhachtach duit, bíodh siad sa bhaile nó i dtír eile, ar bhonn lánaimseartha nó páirtaimseartha. Bíonn tionchar dearfach agat ar an tsochaí nuair a dhéanann tú obair dheonach, sin agus buaileann tú le daoine nua agus forbraíonn tú príomhscileanna ar nós réiteach fadhbanna, obair foirne agus cumarsáid éifeachtach. Má dhéanann tú obair dheonach i dtír eile, bíonn deis agat teangacha nua a fhoghlaim agus cultúir agus dearcthaí nua a bhlaiseadh.

Woman smiling friendly and pointing finger at you

Ullmhaigh tú féin chun obair dheonach a dhéanamh

A luaithe is a bheidh an deis cheart ar obair dheonach aimsithe agat, is féidir le Europass cabhrú leat d'iarratas a réiteach:

Is féidir leat do phróifíl Europass a roinnt go díreach le heagraíochtaí oibre deonaí chun tuilleadh a insint dóibh fút féin agus faoi do chuid scileanna;

Is féidir leat CV Europass agus Litir Chumhdaigh spriocdhírithe a chruthú saor in aisce.

Coimeád taifead ar do chuid scileanna nua

Níl san iarratas féin ach tús an aistir agus tugann Europass an deis duit taifead a choimeád i do phróifíl ar na scileanna agus ar na heispéiris nua uile a fuair tú agus obair dheonach ar siúl agat.

Is féidir leat rannáin nua a chur le do phróifíl chun taifead a choimeád ar do thaithí ar obair dheonach. Cuir isteach sonraí a bhaineann leis na rudaí nua a d'fhoghlaim tú, an ról a bhí agat agus an eagraíocht a ndearna tú an obair dheonach léi. Ceangail grianghraif, teastais agus doiciméid le do phróifíl agus beidh an t-eolas ar fad faoi do thaithí ar obair dheonach ar fáil in aon áit amháin sa chaoi is go mbeidh tú in ann tagairt a dhéanamh dó agus é a úsáid amach anseo.