Cruthaigh do CV Europass

Leis an uirlis cruthaithe CV atá ar Europass, tá sé éasca do CV a chruthú ar líne. Is féidir leat an uirlis a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phost, ar dheiseanna oideachais nó oiliúna agus ar obair dheonach.

An fhormáid CV is aitheanta san Eoraip

Tá CV Europass ar cheann de na formáidí CV is aitheanta san Eoraip. Tá sé éasca é a úsáid agus tá cur amach ag fostóirí agus institiúidí oideachais air.

Beidh ort do phróifíl Europass a chruthú ar dtús agus eolas faoi do chuid oideachais, oiliúna, taithí oibre agus scileanna a chur ann. A luaithe a bheidh sé sin déanta agat, is féidir leat an méid CVanna agus is mian leat a chruthú le cúpla clic. Níl le déanamh agat ach an t-eolas is mian leat a chur air agus an dearadh is fearr leat a roghnú agus déanfaidh Europass an chuid eile duit. 

Is féidir leat CVanna a chruthú, a stóráil agus a roinnt i 31 dteanga. Is féidir leat do CV Europass a íoslódáil, a stóráil i do Leabharlann Europass, a roinnt le fostóirí, ar EURES nó ar chláir fostaíochta eile.

Conas CV maith a chruthú

Cuimhnigh gurb é do CV an chéad deis a bheidh agat do chuid scileanna agus taithí a chur in iúl d'fhostóirí nua. Tugann sé spléachadh don fhostóir ort féin, do chuid scileanna, cúlra oideachais, taithí oibre agus ar na gnóthachtálacha eile atá bainte amach agat.

Do Phróifíl Europass

Is i do Phróifíl Europass is ceart duit taifead a choimeád ar do chuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí. Má choimeádann tú do phróifíl Europass cothrom le dáta, beidh fáil agat i gcónaí ar an eolas atá uait chun CVanna agus iarratais shaincheaptha ar phoist a chruthú go gasta.

Go n-éirí leat i do chuid iarratas!