An Forlíonadh Dioplóma

Ar bhain tú céim amach le déanaí? An bhfuil cáilíocht ardoideachais agat, cuir i gcas céim bhaitsiléara nó céim mháistir? Cabhróidh an Forlíonadh Dioplóma leat do cháilíocht a chur i láthair ar fud na hEorpa.

Cad é an Forlíonadh Dioplóma?

Is doiciméad é an Forlíonadh Dioplóma agus leis an eolas atá ann tá sé níos éasca d'fhostóirí agus d'institiúidí oideachais do cháilíocht a thuiscint.

Nuair a chuireann tú isteach ar phost nó ar chúrsa i dtír eile, d'fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat míniú a thabhairt ar an méid a d'fhoghlaim tú agus tú i mbun staidéir. Cabhraíonn an Forlíonadh Dioplóma leat é sin a mhíniú.

Cén t-eolas atá ann?

Cuireann an Forlíonadh Dioplóma eolas ar fáil faoi do ghnóthachtálacha pearsanta, do chreidiúintí cúrsa, do ghráid agus an méid a d'fhoghlaim tú san áireamh.

Tá eolas ann a dhearbhaíonn na rudaí seo a leanas: 

  • cineál agus leibhéal na cáilíochta a bronnadh
  • an institiúid a bhronn an cháilíocht
  • ábhar an chúrsa agus na torthaí a fuarthas
  • sonraí faoin gcóras náisiúnta oideachais

Leis an eolas sin, tá sé níos éasca d'fhostóir nó d'institiúid oideachais do cháilíocht a thuiscint, agus tá sé níos éasca duitse an chéad chéim eile a thógáil ar d'aistear foghlama nó i do ghairm.

Conas is féidir liom an Forlíonadh Dioplóma a fháil?

Is féidir leat an Forlíonadh Dioplóma a iarraidh ar an institiúid Ardoideachais ina ndearna tú staidéar.

Tá an ceart ag céimnithe ó bhreis agus 40 tír an Forlíonadh Dioplóma a fháil go huathoibríoch, saor in aisce agus in aon mhórtheanga de chuid na hEorpa.

Samplaí d’Fhorlíontaí Dioplóma

Rachaidh do dhioplóma maille leis an bhforlíonadh dioplóma go mór chun tairbhe duit agus iarratas á dhéanamh agat ar phost nó ar chúrsa i dtír Eorpach eile.