Cad is féidir le EURES a dhéanamh duitse?

Cuidíonn EURES le cuardaitheoirí poist fostaíocht a aimsiú agus cuidíonn sé le fostóirí daoine ó gach cearn den Eoraip a earcú

Is féidir leat aistriú go tír ar bith laistigh den Aontas Eorpach nó chun na hEilvéise, chun na hÍoslainne, chun na hIorua agus go Lichtinstéin chun post a lorg agus a thosú a bhuí le comhaontú an Aontais Eorpaigh maidir le saorghluaiseacht oibrithe.

Cabhraíonn EURES le cuardaitheoirí poist post a aimsiú agus cabhraíonn sé le fostóirí iarrthóirí oiriúnacha a aimsiú ar fud na hEorpa. Tugann sé tacaíocht dóibh freisin.

Tá réimse leathan seirbhísí ar fáil ar thairseach EURES agus trí níos mó ná míle Comhairleoir EURES atá ag obair in eagraíochtaí Chomhaltaí agus Chomhpháirtíochta EURES.

I measc na seirbhísí a chuireann EURES ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí tá:

  • Folúntais agus CVanna a mheaitseáil ar thairseach EURES;
  • Faisnéis, treoir agus seirbhísí tacaíochta eile d’oibrithe agus d’fhostóirí;
  • Faisnéis faoi dhálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES;
  • Seirbhísí sonracha tacaíochta d’oibrithe trasteorann agus d’fhostóirí i réigiúin trasteorann;
  • Tacaíocht do ghrúpaí sonracha a bhaineann úsáid as Scéimeanna Soghluaisteachta Spriocdhírithe;
  • Ardán Laethanta Fostaíochta Eorpacha (ar líne) ; agus
  • Faisnéis maidir le cúnamh iarearcaíochta agus rochtain a thabhairt ar an gcúnamh sin, amhail oiliúint teanga agus tacaíocht le himeascadh sa tír is ceann scríbe.

Tabhair cuairt ar thairseach EURES chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na seirbhísí atá ar fáil. Aimsigh sonraí teagmhála ar Chomhaltaí agus ar Chomhpháirtithe ar EURES i do thír féin nó déan teagmháil le Comhairleoir EURES go díreach ar an nguthán, tríd an bposttrí chomhrá a dhéanamh leo.