Ag obair san Eoraip

Is iomaí féidearthacht atá ann chun obair a dhéanamh agus deiseanna fostaíochta nua a aimsiú ar fud na hEorpa. Is féidir le Europass cabhrú leat do ghairm bheatha a phleanáil, scileanna nua a shealbhú agus an deis cheart a aimsiú chun na scileanna sin a úsáid.

An chéad chéim eile i do ghairmréim a thógáil le Europass

Tá uirlisí eile ann mar chuid de Europass, uirlisí a chuidíonn leat do scileanna a chur in iúl go soiléir ar fud an Aontais:

  • Tugann an Forlíonadh Dioplóma eolas úsáideach duit faoi do dhioplóma ardoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat agus tú ag déanamh iarratais ar chúrsaí agus poist nua. 
  • Tugann Forlíonadh Teastais Europass eolas úsáideach duit faoi do cháilíochtaí gairmoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat agus tú ag déanamh iarratais ar chúrsaí agus poist nua.
  • Cabhraíonn Soghluaisteacht Europass leat cur síos a dhéanamh ar do thaithí idirnáisiúnta agus na scileanna a d’fhorbair tú agus tú ag staidéar, ag obair nó ag déanamh obair dheonach i dtír eile.

Cláraigh agus cruthaigh do phróifíl Europass chun eolas a fháil faoin mbealach ar féidir le Europass cabhrú leat.

An leas is mó is féidir a bhaint as do chuid scileanna le Europass

Tá uirlisí eile ann mar chuid de Europass, uirlisí a chuidíonn leat do scileanna agus do thaithí a chur in iúl go soiléir ar fud an Aontais:

 

  • Tugann an Forlíonadh Dioplóma eolas úsáideach duit faoi do dhioplóma ardoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat do chuid scileanna a chur in iúl d’fhostóirí.
  • Tugann Forlíonadh Teastais Europass eolas úsáideach duit faoi do cháilíochtaí gairmoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat do chuid scileanna a chur in iúl d’fhostóirí.
  • Cabhraíonn Soghluaisteacht Europass leat cur síos a dhéanamh ar do thaithí idirnáisiúnta agus na scileanna a d’fhorbair tú agus tú ag staidéar, ag obair nó ag déanamh obair dheonach i dtír eile.

Information and support