Forlíonadh Teastais Europass

An bhfuil gairmcháilíocht agat, ar nós printíseachta nó cáilíocht ó chúrsa oiliúna? Is féidir le Forlíonadh Teastais Europass cabhrú leat do ghairmcháilíocht a chur i láthair san Eoraip ar bhealach éasca sothuigthe.

Cad é Forlíonadh Teastais Europass?

Is doiciméad é Forlíonadh Teastais Europass agus leis an eolas atá ann tá sé níos éasca d'fhostóirí agus d'institiúidí oideachasúla do cháilíocht a thuiscint. Déanann Forlíonadh Teastais Europass cur síos ar na rudaí seo a leanas:

  • cuspóir do cháilíochta,
  • leibhéal na cáilíochta,
  • torthaí foghlama na cáilíochta agus
  • eolas faoin gcóras náisiúnta oideachais ábhartha.

Nuair a chuireann tú isteach ar phost nó ar chúrsa i dtír eile, d'fhéadfadh deacrachtaí a bheith agat míniú a thabhairt ar an méid a d'fhoghlaim tú agus tú faoi oiliúint. Cabhraíonn Forlíonadh Teastais Europass leat é sin a mhíniú.

Conas is féidir liom Forlíonadh Teastais Europass a fháil?

Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar Fhorlíonadh Teastais Europass le haghaidh do ghairmcháilíochta i mbunachar sonraí do thíre féin nó dul i dteagmháil le d'institiúid le haghaidh tuilleadh eolais.

Samplaí de Fhorlíonta Teastais Europass

Rachaidh do ghairmcháilíocht maille le Forlíonadh Teastais Europass go mór chun tairbhe duit agus iarratas á dhéanamh agat ar phost nó ar chúrsa i dtír Eorpach eile.