Europass le haghaidh na fostaíochta agus na hearcaíochta

Na seirbhísí a chuireann Europass ar fáil, is acmhainn iontach iad le haghaidh gairmithe Acmhainní Daonna, earcaitheoirí, bainisteoirí earcaíochta agus cleachtóirí treorach a bhfuil rochtain uathu ar uirlisí agus eolas iontaofa chun cuidiú leo scileanna agus cáilíochtaí iarrthóirí poist a thuiscint.

Do phróiseas earcaíochta a shimpliú

Is féidir leat iarraidh ar iarrthóirí poist próifíl Europass a chruthú ach Europass a bheith mar uirlis earcaíochta agat. Is féidir le húsáideoirí Europass próifíl a chruthú ina bhfuil forbhreathnú ar a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí go léir. Is féidir le húsáideoirí nasc a roinnt le fostóirí chuig a bpróifíl más mian leo. Mar fhostóir nó mar earcaitheoir, beidh tú in ann féachaint ar scileanna agus ar thaithí na n-iarrthóirí ina bpróifíl, áit a mbeidh an t-eolas curtha i láthair ar bhealach sothuigthe struchtúrtha. A bhuí le Europass freisin, is féidir le hiarrthóirí CVanna agus litreacha cumhdaigh a chruthú agus iad a roinnt ó Europass in éineacht le doiciméid eile trí aon nasc simplí amháin.

Sa bhreis air sin, má fhógraíonn tú folúntas ar thairseach na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (EURES), cuirfidh Europass folúntais ábhartha ar a súile do chuardaitheoirí poist a bhfuil próifíl scileanna oiriúnach acu.

Photo of a ma with eyestightly closed and arms folded up crossing fingers on both hands as if awaiting good news.

Forbairt na foirne

Is féidir Europass a úsáid freisin chun tacú le forbairt scileanna an lucht saothair reatha atá agat. Is féidir le Europass cuidiú leat pictiúr soiléir a fháil de scileanna na bhfostaithe i d'eagraíocht, rud a thabharfaidh léargas iontach ar na riachtanais oiliúna agus forbartha atá acu. Is féidir le fostaithe a bpróifíl Europass a chur le chéile agus a nuashonrú chun taifead a choimeád ar a bhforbairt ghairmiúil, ar a ngnóthachtálacha agus ar an dul chun cinn atá déanta acu ag an obair. Nochtfar inniúlachtaí daonna na heagraíochta duit, inniúlachtaí nach bhfuil ar eolas agat, seans, trí úsáid a bhaint as uirlis iontaofa atá saor in aisce de chuid an Aontais ach Europass a chur chun feidhme i d'eagraíocht.

Scileanna agus cáilíochtaí a thuiscint

Seo a leanas réimse leathan uirlisí eile a chuireann Europass ar fáil duit chun cuidiú leat scileanna agus cáilíochtaí a thuiscint, cáilíochtaí ó thíortha eile san áireamh:

  • Is iad institiúidí ardoideachais a eisíonn an Forlíonadh Dioplóma ina dtugtar cur síos ar cháilíochtaí ardoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúid) i bhformáid chaighdeánach.
  • Is iad institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna a eisíonn Forlíonadh Teastais Europass ina dtugtar cur síos ar cháilíochtaí gairmoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúid) i bhformáid chaighdeánach.
  • Tugann Soghluaisteacht Europass cur síos ar thaithí idirnáisiúnta agus ar na scileanna a d'fhorbair mic léinn agus iad ag staidéar, ag obair nó ag déanamh obair dheonach i dtír eile.

 

Dintiúir Dhigiteacha Europass

Leis an gcreat maidir le Dintiúir Dhigiteacha Europass, is féidir le hinstitiúidí oideachais cáilíochtaí digiteacha crioscaíldíonacha agus dintiúir foghlama eile a eisiúint. A bhuí le Dintiúir Dhigiteacha Europass, tá bealach simplí agus iontaofa ag foghlaimeoirí, fostóirí, institiúidí oideachais agus oiliúna agus ag comhlachtaí údaraithe eile barántúlacht dintiúr digiteach a sheiceáil. Leis na dintiúir, is féidir leat barántúlacht cáilíochtaí na n-iarrthóirí agus na foirne a dheimhniú. Tá dintiúir dhigiteacha Europass coibhéiseach ó thaobh an dlí de le teastais ar pháipéar ar fud an Aontais Eorpaigh agus tá fáil oscailte agus saor in aisce ar gach gné den bhonneagar. Faigh tuilleadh eolais faoi Dhintiúir Dhigiteacha Europass.

Cuidigh linn Europass a chur chun cinn!

Tá sé d'aidhm ag an gCoimisiún Eorpach go mbeidh Europass ina sheirbhís luachmhar agus go n-úsáidfear go forleathan é i measc fostóirí, earcaitheoirí agus eagraíochtaí forbartha foirne.

Téigh i dteagmháil linn le ríomhphost má tá aiseolas nó ceisteanna agat maidir le Europass.