Cad is Dintiúir Dhigiteacha ann?

Tugann Dintiúir Dhigiteacha Europass cur síos ar ghnóthachtáil foghlama. Is féidir leo cur síos a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí, ar mheasúnuithe, ar theidlíochtaí gairmiúla agus ar cháilíochtaí.

 

Tá Bonneagar Dhintiúir Dhigiteacha Europass (EDCI) á fhorbairt ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú leis an éifeachtúlacht agus leis an tslándáil maidir le conas a thugtar aitheantas do dhintiúir ar nós cáilíochtaí agus gnóthachtálacha foghlama eile ar fud na hEorpa.

Tá an obair fós ag dul ar aghaidh ar fhorbairt Bhonneagar Dhintiúir Dhigiteacha Europass (EDCI). Tacóidh EDCI le seirbhísí barántúlachta aon chineáil doiciméad digiteach nó aon chineáil fianaise eolais maidir le scileanna agus le cáilíochtaí mar a leagtar amach in Airteagal 4 (6) de Chinneadh Europass.

Ráiteas doiciméadaithe ó eagraíocht oideachais is ea dintiúr lena dtugtar fianaise ar ghnóthachtálacha a bhaineann le taithí foghlama an duine.

Déanann Dintiúir Dhigiteacha Europass cur síos ar ghnóthachtáil foghlama. Is féidir leo cur síos a dhéanamh ar na rudaí seo a leanas:

Buntáistí

Mar chomhad digiteach, is féidir réimse leathan eolais luachmhair a bheith mar chuid de dhintiúir, eolas a chuidíonn le fostóirí agus le hinstitiúidí an dintiúr a aithint agus a thuiscint. Is iomaí buntáiste a bhaineann le Dintiúir Dhigiteacha Europass le hais teastais ar pháipéar, cuir i gcás: is féidir leo laghdú a dhéanamh ar an obair riaracháin a dhéanann mic léinn, céimithe, soláthraithe oideachais agus oiliúna, agus gnólachtaí. Is féidir le Dintiúir Dhigiteacha Europass tionchar na calaoise dintiúir a laghdú agus cur le sreafaí oibre gan pháipéar freisin.

Tacaíonn Dintiúir Dhigiteacha Europass le fíorúchán ar an toirt; an t-eolas a bhaineann le haitheantas an chomhlachta bronnta nó dearbhú cáilíochta an cháiliúcháin, is féidir le faighteoirí an t-eolas sin a fhíorú go huathoibríoch.

Sínítear Dintiúir Dhigiteacha Europass le ríomhshéala, rud a chiallaíonn go mbeidh an toimhde dhlíthiúil ann ar fud an Aontais go bhfuil siad barántúil agus go mbeidh an stádas céanna acu is atá ag dintiúir ar páipéar a bhfuil an t-eolas céanna iontu.

Forbairt

Tá forbairt á déanamh ag an gCoimisiún ar na huirlisí, an bogearra agus na seirbhísí a bheidh mar chuid de EDCI. Tá dintiúir dhigiteacha á n-úsáid ag 18 dtír rannpháirteacha ar bhonn píolótach chun na gnéithe sin a thástáil ar an leibhéal náisiúnta. Foilseofar eolas agus nuashonruithe anseo de réir mar a leanann an tionscadal ar aghaidh.

Eolas teicniúil maidir le Dintiúir Dhigiteacha Europass

Eolas d’fhoghlaimeoirí maidir le Dintiúir Dhigiteacha Europass

    • gníomhaíochtaí (e.g. na ranganna ar fhreastail an duine orthu),
    • measúnuithe (e.g. tionscadail),
    • gnóthachtálacha (e.g. na scileanna a d'fhorbair an duine), 
    • teidlíochtaí gairmiúla (e.g. clárúchán mar dhochtúir leighis) agus
    • cáilíochtaí.