Frequently Asked Questions

2FA-FAQ

Chruthaigh mé cuntas EU Login ach ní bhfuair mé ríomhphost deimhniúcháin. Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Cúpla nóiméad tar éis duit an fhoirm a líonadh isteach, ba cheart go bhfaighfeá ríomhphost i do bhosca ríomhphoist. Mura bhfuair tú é, seiceáil an fillteán turscair nó an fillteán bruscair.

De rogha air sin, seiceáil go bhfuil na réimsí ar fad san fhoirm líonta isteach i gceart. Ar eagla nár scríobh tú do sheoladh ríomhphoist i gceart. Murar scríobh, níl de rogha agat ach clárú arís. Is féidir leat do dhintiúir EU Login a chruthú. Cliceáil ar an nasc ‘Cruthaigh cuntas’ ar phríomhleathanach EU Login.

Rinne mé iarracht cuntas a chruthú, ach deirtear liom go bhfuil mo sheoladh ríomhphoist cláraithe cheana féin.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil cuntas EU Login cruthaithe agat cheana féin. Seans gur le haghaidh feidhmchlár nó leathanach gréasáin eile seachas Europass a rinne tú sin.

Téigh chuig ‘Athshocraigh do phasfhocal’ agus tabhair do sheoladh ríomhphoist agus lean na treoracha ar an scáileán.

Tá mo phasfhocal EU Login ligthe i ndearmad agam. Cad ba cheart dom a dhéanamh?

Má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal nó má tá teachtaireacht earráide faighte agat ina ndeirtear ‘pasfhocal mícheart curtha ar fáil’, is féidir leat ríomhphost a iarraidh chun do phasfhocal a athshocrú.

Tabhair do sheoladh ríomhphoist agus lean na treoracha ar an scáileán. Ba cheart go mbeifeá in ann pasfhocal nua a shocrú anois.

Níl fón cliste agam. Conas is féidir liom fíordheimhniú dhá fhachtóir a chumasú?

Más rud é nach bhfuil fón cliste agat ag an bpointe seo ar ar féidir Aip EU Login a reáchtáil, is féidir leat gléasanna eile a úsáid chun fíordheimhniú a dhéanamh nó cuid de na roghanna eile atá againn a úsáid.

Is féidir leat aon ghléas táibléid comhoiriúnach IOS nó Android a úsáid chun Aip EU Login a shuiteáil nó is féidir leat úsáid a bhaint as an dá rogha fíordheimhniúcháin eile atá ar fáil:

  • Eochair slándála (mar shampla Yubikey);
  • Ardán iontaofa (cosúil le Window Hello) ar do ríomhaire.

Tá tuilleadh eolais faoin dá rogha sin ar fáil sa seisiún teagaisc ar EU Login agus ar leathanaigh tacaíochta EU Login.

Cén áit ar féidir liom aip EU Login a íoslódáil?

Is féidir leat aip EU Login a íoslódáil ó Google Play store (má tá Android agat mar chóras oibriúcháin ar do ghléas) nó ó Apple App Store (más iOS atá agat mar chóras oibriúcháin ar do ghléas).

Conas is féidir liom aip EU Login a shocrú ar ghléas móibíleach?

Chun aip EU Login a shocrú mar dhara modh fíordheimhniúcháin chun rochtain a fháil ar thairseach Europass, ní mór duit trí chéim a leanúint:

  • Íoslódáil an aip.
  • Déan ‘Gléasanna móibíleacha’ a shocrú ar do dhintiúir EU Login ar shuíomh gréasáin ECAS.
  • Roghnaigh an modh fíordheimhniúcháin ‘Aip + cód PIN’.

 

Íoslódáil an aip ar do ghléas. Nuair a bheidh an cuntas cruthaithe agat agus nuair a bheidh sé fíordheimhnithe agat den chéad uair ar shuíomh gréasáin ECAS, bog an luchóg thar an bhfearas ar dheis ar bharr an leathanaigh chun an roghchlár a thaispeáint agus roghnaigh ‘Mo Chuntas’.

Cliceáil ar ‘Bainistigh mo ghléasanna móibíleacha’. Cliceáil ar ‘Cuir gléas móibíleach leis’.

Líon isteach an fhaisnéis is gá ar an scáileán ‘Cuir gléas móibíleach leis’. Ní mór duit ainm a thabhairt do do ghléas agus cód PIN ceithre dhigit a shocrú. 

Cliceáil ar an gcnaipe ‘Seol’.

Oscail aip EU Login ar do ghuthán agus roghnaigh ‘Túsaigh’. Lean na treoracha ar an scáileán agus tabhair rochtain ar do cheamara don aip.

Osclóidh an scanóir cód QR ar do ghléas móibíleach, agus taispeánfar cód QR ar scáileán do ríomhaire.

Dírigh ceamara do ghutháin phóca ar scáileán do ríomhaire go dtí go n-aithnítear an cód QR.

Ar an scáileán ‘Fíordheimhnigh’, cuir isteach an cód PIN ceithre dhigit a shocraigh tú ar ball agus cliceáil ar ‘Fíordheimhnigh’.

Taispeánfar teachtaireacht ratha ar do ghléas chun a dheimhniú go bhfuil do ghléas móibíleach socraithe le EU Login.

Comhghairdeas leat! Tá aip EU Login suiteáilte i gceart agat agus is féidir í a úsáid feasta chun fíordheimhniú a dhéanamh. Cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’ le filleadh ar an scáileán baile.

An féidir liom an gléas céanna a úsáid leis an aip EU Login chun rochtain a fháil ar roinnt cuntas Europass?

Ní féidir. Ní féidir leat rochtain a fháil ach ar chuntas Europass (nó EU Login) amháin an gléas.

Conas is féidir liom mo chód PIN EU Login a athrú?

Má tá do chód PIN le haghaidh aip EU Login caillte nó ligthe i ndearmad agat, lean na treoracha thíos:

  • Oscail aip EU Login
  • Téigh chuig Socruithe
  • Ar dheis ar bharr an leathanaigh, cliceáil ar na 3 phonc (Android) nó ar an roth (IOS)
  • Cliceáil ar ‘Cód PIN dearmadta’
  • Cuir isteach do dhintiúir EU Login atá nasctha leis an aip
  • Roghnaigh cód PIN nua 
An féidir liom aip EU Login a úsáid gan mo ghléas a dhaingniú?

Ní féidir. Ní féidir aip EU Login a úsáid gan do ghléas a dhaingniú le cód PIN, patrún nó méarlorg.

Conas is féidir liom síniú isteach ag baint úsáid as fíordheimhniú dhá fhachtóir (2FA)?

Chun síniú isteach, ní mór duit dul chuig tairseach Europass ar dtús faoi ‘Logáil isteach’. Ansin ní thaispeánfar duit ach an rogha a roghnaigh tú nuair a bhí an aip á socrú agat agus beidh sé an-simplí as sin amach.

Cuir isteach do phasfhocal sa réimse ‘Pasfhocal’.

Cliceáil an cnaipe ‘Sínigh isteach’.

Ar do ghuthán, osclaíonn cód PIN aip EU Login go huathoibríoch agus iarrtar ort do chód PIN a chur isteach.

Cuir isteach do chód PIN agus brúigh ar ‘Fíordheimhnigh’.

Má tá an aip ar siúl (sa tulra), tabharfaidh sé chuig an roghnóir brabhsálaí thú go huathoibríoch.

Más sa chúlra atá an aip, taispeántar fógra ar do ghléas. Glac leis an bhfógra sin le go gcuirfear ar aghaidh chuig an áit cheart thú.

Cén fáth a bhfuil sibh ag cumasú fíordheimhniú dhá fhachtóir?

Tá an fíordheimhniú dhá fhachtóir (2FA) ar cheann de na bearta is éifeachtaí chun gadaíocht dintiúr a chomhrac. Le fíordheimhniú dhá fhachtóir bíonn an dara píosa faisnéise ag teastáil, sa bhreis ar ainm úsáideora agus pasfhocal. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina fhachtóir eolais (rud atá ar eolas ag an úsáideoir, e.g. cód PIN), fachtóir seilbhe (rud atá ina sheilbh ag an úsáideoir, e.g. ceadchomhartha slándála, gléas móibíleach nó aip fóin chliste) nó fachtóir bithmhéadrach (e.g. méarloirg, aitheantas aghaidhe agus gutha). Tríd an dara sraith fíordheimhniúcháin a sholáthar, cuireann fíordheimhniú dhá fhachtóir go mór mór le slándáil sonraí. Dá mbeadh pasfhocal i mbaol, cuir i gcás, chuirfeadh an fíordheimhniú dhá fhachtóir sraith eile cosanta ar fáil chun bac a chur ar rochtain neamhúdaraithe.

Tá an Coimisiún Eorpach tar éis úsáid fíordheimhniú dhá fhachtóir a dhéanamh éigeantach, go háirithe EU Login 2FA, dá chórais TF a láimhseálann faisnéis Íogair Neamh-Rúnaicmithe agus é a mholadh go láidir dá chórais TF a láimhseálann faisnéis atá ‘Ar fáil go poiblí’ agus faisnéis le haghaidh ‘Úsáid an Choimisiúin’.

Cén fáth ar chóir dom fíordheimhniú dhá fhachtóir a úsáid?

Trí fhíordheimhniú dhá fhachtóir a úsáid, tá tú ag cinntiú slándáil bhreise sonraí agus ag laghdú gníomhaíochtaí calaoiseacha. Ar an gcaoi sin, is féidir leat rochtain a fháil ar do chuntas ó aon chóras nó timpeallacht gan aon riosca do do shonraí pearsanta agus íogaire.

Cén áit ar féidir liom an cód QR a aimsiú?

Ní mór duit gléas móibíleach a chur le do chuntas EU Login ar do ghléas deisce ar dtús. Oscail brabhsálaí ar do ríomhaire agus lean an nasc seo.

Iarrfar ort fíordheimhniú a dhéanamh. Ansin cliceáil ar ‘Cuir gléas móibíleach leis’ sa bhrabhsálaí ar do ríomhaire. Nuair a bheidh na céimeanna uile déanta agat, ginfear cód QR.  Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar leathanach 12 den treoir d’úsáideoirí.

Deir mo léitheoir cód QR go bhfuil an cód neamhbhailí. Cad is ceart dom a dhéanamh?

Tabhair do d’aire go gcaithfidh tú an cód QR a léamh le haip EU Login, ní le do ghnáthléitheoir cód QR.

Úsáidim eID cheana féin chun logáil isteach ar Europass. An gcaithfidh mé é a ghníomhachtú mar dhara fachtóir?

Ní chaithfidh, má úsáideann tú eID cheana féin chun logáil isteach ar Europass, is féidir leat leanúint ar aghaidh ag logáil isteach mar a bhí tú roimhe. Ní gá duit fíordheimhniú dhá fhachtóir a ghníomhachtú ar leithligh.

Conas a dhéanaim eID a ghníomhachtú mar dhara fachtóir le haghaidh fíordheimhnithe?

Chun do eID (aitheantas leictreonach) a nascadh le do chuntas EU Login, ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Logáil isteach i do chuntas EU Login,
  • Dul go dtí do shocruithe agus cliceáil ar Nasc mo eID.

Leis an rogha seo is féidir leat do chárta aitheantais leictreonach náisiúnta a nascadh le do chuntas EU Login.
 

Críochnaigh an próiseas ansin de réir na gcéimeanna a mhínítear sa doiciméad treoracha.

Teimpléid Europass

Cad é Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR)?

Treoir ó Chomhairle na hEorpa is ea Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha a úsáidtear chun cur síos ar an méid atá bainte amach ag foghlaimeoirí teangacha iasachta. Cuireann CEFR modh foghlama, múinteoireachta agus measúnaithe ar fáil a bhfuil feidhm aige maidir le gach teanga san Eoraip. Tá sé leibhéal tagartha in CEFR, leibhéil a úsáidtear ar fud na hEorpa ar mhaithe le hinniúlacht teanga a thuiscint. Úsáidtear greille féinmheasúnaithe CEFR i bpróifíl Europass chun cuidiú le daoine a n-inniúlacht teanga a fhéinmheasúnú.

Cad í Soghluaisteacht Europass?

Is féidir le Soghluaisteacht Europass cuidiú leat scileanna a shealbhaigh tú le linn do thaithí soghluaisteachta i dtír eile a chur ar taispeáint.

Cad é Forlíonadh Teastais Europass?

Is féidir le Forlíonadh Teastais Europass cuidiú leat cur síos ar do cháilíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna ar bhealach soiléir comhsheasmhach.

Cad é an Forlíonadh Dioplóma?

Is féidir leis an bh Forlíonadh Dioplóma cuidiú leat cur síos ar do cháilíochtaí ardoideachais ar bhealach soiléir comhsheasmhach.

Cad a tharla do Phas Teanga Europass?

Bunaíodh Pas Teanga Europass mar cheann de theimpléid doiciméid Europass in 2004 mar uirlis féinmheasúnaithe maidir le scileanna agus cáilíochtaí teanga.

Rinne an leagan reatha de Europass an pas teanga a chur isteach i bpróifíl Europass mar chuid den phróifíl darb ainm scileanna teanga. Tá tú fós in ann d’inniúlachtaí teanga a fhéinmheasúnú bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR)agus do thorthaí a roinnt le fostóirí nó institiúidí oideachais de réir mar is gá.

Conas is féidir liom mo scileanna teanga a fhéinmheasúnú?

Is féidir leat do scileanna teanga a fhéinmheasúnú i do phróifíl Europass. Is éard atá i gceist le do scileanna a fhéinmheasúnú machnamh a dhéanamh ar do scileanna, agus cur síos ar leibhéil na scileanna céanna. Is féidir leat tábla simplí féinmheasúnaithe a líonadh isteach i do phróifíl Europass chun cur síos ar do scileanna teanga. Is féidir leat gach cur síos san uirlis féinmheasúnaithe a léamh agus an leibhéal a roghnú is fearr a chuireann síos dar leat ar do scileanna éisteachta, léitheoireachta, idirghníomhaíochta labhartha, táirgthe béil agus scríbhneoireachta in aon teanga. Déanann tú do theastais teanga a stóráil sa leabharlann Europass freisin. Baineann an uirlis féinmheasúnaithe úsáid as Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR).

Is féidir leat an tábla féinmheasúnaithe a roinnt ó do phróifíl Europass lena roinnt le daoine eile ar nós fostóirí, agus institiúidí oideachais nó oiliúna.

Conas cur síos ar mo scileanna digiteacha.

Is féidir leat do scileanna digiteacha a liostú, agus a eagrú, i do phróifíl Europass. Is féidir leat liosta a chruthú de do scileanna digiteacha ar fad, uirlisí agus bogearraí is féidir leat a úsáid san áireamh, chomh maith le tionscadail nó gnóthachtálacha a bhfuil tú bródúil astu. Is féidir leat cur síos ar na huirlisí a úsáideann tú i do phost nó i do chúrsa staidéir chomh maith leis na huirlisí a úsáideann tú i do chuid ama shaoir (e.g. meáin shóisialta, blagáil, cluichíocht). Is féidir leat freisin do scileanna a eagrú i ngrúpaí éagsúla, e.g. grúpa a chruthú de na huirlisí digiteacha a úsáideann tú le haghaidh an deartha; nó grúpa de na scileanna digiteacha a úsáideann tú i do phost, nó fiú amháin liosta scileanna digiteacha ba mhaith leat a fhorbairt.

Cad é Pas Scileanna Europass?

Uirlis a chuirtí ar fáil trí Europass go dtí 2019 ab ea Pas Scileanna Europass. Chuireadh sé ar a gcumas d’úsáideoirí bailiúchán doiciméad a chruthú in aon chomhad amháin. Níl Pas Scileanna Europass á chur ar fáil a thuilleadh, ach anois is féidir le húsáideoirí cláraithe Europass doiciméid a roinnt óna Leabharlann Europass.

Tacaíocht Agus Eolas

Cad é an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF)?

Is uirlis de chuid an Aontais an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) a dhéanann cáilíochtaí níos sothuigthe trasna tíortha agus córas. Le EQF is féidir cáilíochtaí a bhaintear amach in aon tír Eorpach a thuiscint trí chóras simplí ocht leibhéal. D’fhéadfadh sé go mbeadh eolas faoi EQF san áireamh i ndioplómaí do cháilíochtaí, nó i d’Fhorlíonadh Dioplóma nó d’Fhorlíonadh Teastais. Is féidir leat eolas faoi leibhéal EQF do cháilíochta a chur san áireamh ar do CV agus d’iarratais chun cuidiú le fostóirí nó institiúidí oideachais agus oiliúna i dtíortha eile do cháilíochtaí a thuiscint.