D’fhéadfadh sé go mbeadh eolas faoin leibhéal EQF san áireamh i do dhoiciméid cháilíochta (dioplóma, teastas, tras-scríbhinní) nó is féidir leat an t-eolas sin a iarraidh ar an institiúid ina ndearna tú staidéar.
Frequently Asked Questions
Tacaíocht Agus Eolas
Is féidir leat eolas agus seirbhísí a chuideoidh leat a lorg i dtíortha éagsúla sna rannáin Ag Foghlaim san Eoraip agus Ag Obair san Eoraip ar Europass. Roghnaigh ón liosta an tír is spéis leat.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Europass, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Lárionad Náisiúnta Europass i do thírse.
Déanann Lárionad Náisiúnta Europass na gníomhaíochtaí ar fad a bhaineann le Europass a chomhordú i ngach tír a ghlacann páirt in Europass. Is é an chéad phointe teagmhála é d’aon duine nó eagraíocht ar spéis leo Europass a úsáid nó tuilleadh a fhoghlaim faoi. Is féidir leat dul i dteagmháil le Lárionad Náisiúnta Europass do thírse nó na tíre ar spéis leat a bheith ag obair nó ag foghlaim inti.
Is féidir; bhíothas ag machnamh go cúramach ar dhaoine lagamhairc agus ar dhaill agus Europass á fhorbairt. Tacaíonn sé le teicneolaíocht chúnta agus cuireann sé roghanna malartacha ar fáil do dhaoine a bhfuil baic mar sin le sárú acu.
Tá cead agat an t-eolas atá ar shuíomh gréasáin Europass a úsáid má luann tú an fhoinse (© Aontas Eorpach).
Is féidir le Europass cuidiú leat do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí a chur in iúl ar bhealach soiléir comhsheasmhach. Ní fhágann úsáid a bhaint as Europass go bhfuil tú i dteideal aon uathaitheantas do do scileanna agus do cháilíochtaí ná i dteideal teidlíochtaí ar bith eile. Is féidir leis an bpróifíl Europass, agus doiciméid Europass ar nós an Fhorlíonaidh Dioplóma, an Fhorlíonaidh Teastais agus Soghluaisteacht Europass a bheith cuiditheach maidir le do scileanna agus do cháilíochtaí a mhíniú d’fhostóirí, d’institiúidí oideachais agus oiliúna agus do dhaoine eile.
Is féidir. Is tacar uirlisí agus eolais saor in aisce ar líne é Europass atá ar fáil do gach duine, beag beann ar náisiúntacht nó ar thír chónaithe.
Is féidir le húdaráis náisiúnta cáilíochtaí, creidiúnú agus deiseanna foghlama a ullmhú agus a fhoilsiú in Europass trí ardán an Chláir Tacair Sonraí um Cháilíochtaí (QDR). Is uirlis í QDR a d’fhorbair an Coimisiún chun tacú le húdaráis náisiúnta a gcuid sonraí a fhoilsiú mar ‘shonraí nasctha saor-rochtana’ chun iad a fhoilsiú, a nascadh agus a úsáid ar bhealach níos éasca.
I gcomhthéacs Europass is éard atá i gceist le creidiúnú dearbhú cáilíochta nó ceadúnú atá bainte amach ag eagraíocht nó cáilíocht. Is féidir úsáid a bhaint as cás creidiúnaithe laistigh de chomhthéacs Europass chun eolas faoi dhá chineál Creidiúnaithe a shonrú.
- Ceadúnú institiúideach: dearbhú cáilíochta agus/nó ceadúnú ar leibhéal eagraíochta. Tugann sé le fios go dtugtar cead don institiúid oibriú (e.g. cáilíocht a eisiúint), agus is iad na hÚdaráis Phoiblí nó a dtoscairí a bhronnann an ceadúnú sin.
- Creidiúnú cláir/cáilíochta: cead clár nó cáilíocht ar leith a sholáthar. Cur síos ar phróiseas ceadúnúcháin a dhéantar ar leibhéal aon chláir/cháilíocht amháin nó níos mó. Tugann sé le fios go dtugtar cead don institiúid Cláir/Cáilíochtaí sonracha a chur ar fáil, agus is iad na hÚdaráis Phoiblí nó a dtoscairí a bhronnann an ceadúnú sin.
Is é ESCO (an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha) an t‑aicmiú ilteangach Eorpach le haghaidh Scileanna, Inniúlachtaí agus Gairmeacha. Tá ESCO mar a bheadh foclóir ann ina ndéantar cur síos ar na gairmeacha agus na scileanna atá ábhartha ó thaobh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh de agus ó thaobh oideachais agus oiliúna de, agus ina ndéantar iad a shainaithint agus a aicmiú.
Tugtar tuairisc in ESCO ar 2,942 ghairm agus ar 13,485 scil a bhaineann leis na gairmeacha céanna, agus tá na tuairiscí sin le fáil i 27 dteanga (gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, chomh maith leis an Íoslainnis, an Ioruais agus an Araibis).
Úsáideann Europass ESCO ar thrí bhealach:
1) Tá liosta réamhshainithe gairmeacha ag úsáideoirí Europass ar féidir leo roghnú uaidh sa rannán ‘Taithí Oibre’ dá bpróifíl nó dá CV.
2) Ina theannta sin tugann ESCO cur síos iomlán ar ghairmeacha nuair a chliceálann tú ar an deilbhín ‘súil’. Is féidir leat cliceáil ansin ar an gcnaipe ‘Tuilleadh eolais’ a chuirfidh ar aghaidh thú chuig an eolas iomlán faoin ngairm ar leith.
Europass A Úsáid
Chun clárú le Europass, is gá duit ar dtús do chuntas EU Login, is é sin seirbhís úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh, a chruthú. Chun do ‘EU Login’ a chruthú cuireann tú isteach do sheoladh ríomhphoist agus cruthaíonn tú pasfhocal. Gheobhaidh tú ríomhphost ansin agus nasc ann a cheadóidh duit an próiseas clárúcháin a chur i gcrích. Is féidir leat tosú ag baint úsáid as Europass mar úsáideoir cláraithe as sin amach. Tá rochtain iomlán ag úsáideoirí cláraithe ar uirlisí Europass ar fad, ina measc an Phróifíl, an Leabharlann agus na moltaí post agus cúrsaí.
Molaimid duit cliceáil ar “Pasfhocal dearmadta?” ar an leathanach logáil isteach. Tabhair do d’aire nach féidir leat do phasfhocal a athshocrú má tá do chuntas faoi ghlas. Beidh lucht dheasc chabhrach EU Login in ann cuidiú leat, áfach. Cuirtear síos ar an bpróiseas ina iomláine ar an leathanach EU Login.
Is féidir; féadfaidh tú Europass a úsáid ar tháibléid agus fóin phóca, ar bhrabhsálaithe gréasáin éagsúla agus i bhfuinneoga lena mbaineann méideanna atá éagsúil ó thaobh taifigh de.
Do bhrabhsálaí a nuashonrú nó smaoineamh ar cheann eile a úsáid, e.g. leagan a rinneadh le déanaí de Firefox, Chrome nó Internet Explorer. Mura réitíonn sin an fhadhb, téigh i dteagmháil le foireann Europass.
Tá Europass ar fáil sna teangacha seo a leanas a bhaineann leis na tíortha atá rannpháirteach in Europass:
- Béarla
- Bulgáiris
- Cróitis
- Danmhairgis
- Eastóinis
- Fionlainnis
- Fraincis
- Gaeilge
- Gearmáinis
- Gréigis
- Iodáilis
- Ioruais
- Íoslainnis
- Laitvis
- Liotuáinis
- Macadóinis
- Máltais
- Montainéigris
- Ollainnis
- Polainnis
- Portaingéilis
- Rómáinis
- Seicis
- Seirbis
- Slóivéinis
- Slóvaicis
- Spáinnis
- Sualainnis
- Tuircis
- Úcráinis
- Ungáiris
Tugann Europass moltaí maidir le poist agus cúrsaí trí iad a mheaitseáil leis na scileanna agus na réimsí spéise atá luaite agat ar do phróifíl agus leis na huirlisí ‘mo scileanna’ nó ‘mo réimsí spéise’.
- Roghnaigh ‘Socruithe’ faoin gcnaipe ‘Mise’.
- Cliceáil ar ‘Socruithe moltaí a shaincheapadh’.
- Faoi ‘Bainistigh moltaí’ cliceáil ar ‘cuir in eagar’.
Cas an cnaipe ar dheis AR SIÚL chun moltaí a fháil maidir le poist agus cúrsaí. Beidh tú in ann moltaí pearsantaithe a fheiceáil ar do dheais Europass.
Ná déan dearmad na hathruithe a shábháil!
- Logáil isteach i do chuntas Europass
- Téigh go dtí an rannán ‘fotha gníomhaíochta’ faoin gcnaipe ‘Mise’.
- Cliceáil ar ‘cuir in eagar’ (an deilbhín i gcruth pinn) ar thaobh na láimhe deise den nasc sonrach.
- Roghnaigh ‘dífhoilsigh an nasc’ chun an nasc sin a dhíghníomhachtú
Tá. Mura raibh tú in ann Europass a úsáid mar gheall ar an éagobhsaíocht, is féidir leat an Leathanach Logála Earráide a cheadú. Liostaítear ansin na dátaí agus na hamanna nach raibh aon rochtain ar Europass nó nach raibh ach rochtain pháirteach ar Europass, mar gheall ar chothabháil theicniúil phleanáilte nó fadhbanna teicniúla gan choinne.
Eagarthóir CV agus litreach cumhdaigh Europass
Seiceáil an bhfuil an grianghraf uaslódáilte agat san fhormáid chomhaid cheart: PNG, JPG.
Má tá, déan cinnte de go bhfuil méid do chomhaid níos lú ná 20 MB.
Faoi láthair, is féidir leat do CV Europass a shábháil i leagan PDF Europass.
Is féidir leat do CV Europass a stóráil ar na bealaí seo a leanas:
- I do Leabharlann Europass (úsáideoirí cláraithe amháin)
- É a íoslódáil ar do ghléas áitiúil (ríomhaire deisce nó gléas iniompartha)
Más úsáideoir cláraithe thú, is féidir leat do CV Europass a stóráil i do leabharlann Europass agus é a chur in eagar tráth ar bith. Más aoi-úsáideoir thú, is féidir leat do CV Europass a iompórtáil chuig an Eagarthóir ar líne, athruithe ar bith atá ag teastáil uait a dhéanamh, agus an CV a íoslódáil arís.
Le heagarthóir CV Europass is féidir leat codanna den CV a chur isteach, a bhaint agus a chur in eagar de réir mar is mian leat. Is féidir codanna ar nós “Taithí oibre” agus “Oideachas agus oiliúint” a bhogadh, a chur in eagar nó a bhaint. Is féidir leat freisin codanna saincheaptha a chruthú, agus do rogha ainmneacha orthu, ag brath ar do riachtanais agus do chuid taithí.
Tar éis na codanna is rogha leat a líonadh isteach beidh tú in ann leagan amach oiriúnach don CV a roghnú ó liosta teimpléad éagsúil. Ligfidh sé sin duit leagan amach agus cuma gach CV a shocrú le haghaidh gach iarratais.
Más aoi-úsáideoir thú, beidh an t-eolas a chuireann tú isteach i do phróifíl Europass ar fáil go ceann 48 uair an chloig i ndiaidh do chuairte deireanaí.
Mar úsáideoir cláraithe, sábhálfar do chuid eolais ar feadh tréimhse níos faide agus féadfaidh tú do CVanna Europass agus do Litreacha Cumhdaigh a shábháil i do Leabharlann.
Is féidir leat leaganacha éagsúla de do CV Europass a chruthú. Is féidir leat úsáid a bhaint freisin as na teimpléid amhairc éagsúla atá ar fáil. Is féidir le húsáideoirí cláraithe na leaganacha éagsúla a stóráil ina Leabharlann Europass. Is féidir le haoi-úsáideoirí na leaganacha éagsúla dá CV Europass a íoslódáil agus iad a nuashonrú tráth níos déanaí.