D'eolas pearsanta a bhainistiú in Europass

Is tosaíocht de chuid Europass é d'eolas pearsanta a chosaint. Ní roinnfidh, ní dhíolfaidh nó ní úsáidfidh Europass d'eolas pearsanta ó do phróifíl. Tá an smacht agat ar cé lena roinnfidh tú d'eolas agus cén fad a bheidh leis an tréimhse roinnte sin.

Conas a úsáideann Europass d'eolas?

Úsáideann Europass an t-eolas i do phróifíl chun anailís a dhéanamh ar do scileanna agus chun poist agus cúrsaí suimiúla a mholadh duit. Is fútsa atá sé na feidhmeanna Europass sin a mhúchadh más mian leat.

Bailíonn Europass staitisticí anaithnidithe (e.g. líon na gcuairteoirí a chláraigh le Europass) agus treochtaí (e.g. an bhfuil scileanna digiteacha ardleibhéil ag úsáideoirí Europass nó nach bhfuil).Ní úsáidfear do shonraí pearsanta riamh chun críocha an phróisis sin.

Is fútsa atá sé do phróifíl Europass ar fad nó cuid di a scriosadh, rud a dhéanann deimhin de go mbeidh smacht iomlán agat ar d'eolas i gcónaí.

Eolas a stóráil i do phróifíl Europass

Is é do phróifíl Europass d'uirlis phearsanta ar líne chun d'eolas maidir le do chuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí a bhainistiú. Is féidir leat d'eolas pearsanta a stóráil i do phróifíl, agus comhaid a stóráil (e.g. CVanna, dioplómaí) i do Leabharlann Europass.

Níor cheart duit aon eolas a stóráil in Europass a d'fhéadfaí a mheas mar eolas míchuí nó cráiteach, nó eolas a bhfuil eolas pearsanta íogair ann (e.g. faoi do shláinte).

Eolas a roinnt ó do phróifíl Europass

Ní roinnfidh Europass do phróifíl ná do chomhaid riamh gan do thoiliú. Is féidir leat naisc chuig do phróifíl Europass agus do chomhaid (e.g. CVanna, dioplómaí ) i do leabharlann Europass a roinnt le fostóirí, institiúidí oideachais agus eile, más mian leat.

Déan cinnte de go mbíonn a fhios agat i gcónaí cé hiad na daoine lena roinneann tú do chuid eolais.

Tabhair do d'aire freisin go bhféadfadh sé, i gcásanna áirithe, nach mbeadh faighteoirí faoi réir ceanglais cosanta sonraí, go háirithe lasmuigh den Aontas Eorpach.

Tuilleadh eolais

Is uirlis saor in aisce é Europass chun cabhrú leat dul i mbun oibre agus foghlama san Eoraip, uirlis a d'fhorbair an Coimisiún Eorpach. Is féidir leat dul i dteagmháil le Europass má tá ceist ar bith agat maidir le conas d'eolas pearsanta a bhainistiú.

Is féidir leat Ráiteas Príobháideachais oifigiúil Europass a léamh a bhfuil sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh um Chosaint Sonraí ann.