
Do shonraí pearsanta a chosaint
Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta agus an dóigh a ndéanann an Coimisiún na sonraí pearsanta ar fad a chuireann tú ar fáil a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint. Mínítear ann freisin an dóigh a n-úsáidtear an t-eolas sin agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Anseo thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála ‘Ardán Europass’ a fheidhmíonn Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (AS EMPL).
Úsáidfear na sonraí pearsanta a sholáthraíonn nó a iompórtálann úsáideoirí Europass ar ardán Europass chun a gcuntas Europass agus a bpróifíl phearsanta ar líne a chruthú, rud a úsáideann Europass chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Moltaí saincheaptha a dhéanamh – Úsáidfear do shonraí, sonraí faoi do ghníomhaíocht ar an ardán san áireamh, chun meastacháin iontaofa a thuiscint agus a chur in iúl faoi do chuid sainroghanna agus spéiseanna, chun scileanna poist comhfhreagracha agus moltaí maidir le cúrsaí a thairiscint (e.g. scileanna a d’fhéadfadh a bheith curtha agat le do thaithí roimhe seo; deiseanna fostaíochta, cúrsaí nó cáilíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise a bhaineann le do scileanna agus do roghanna nó folúntais nó cúrsaí poist sábháilte, etc.). Tá an rogha agat iad a chur ar ceal.
- Measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht Europass – baileoidh Europass sonraí bunaithe ar do ghníomhaíocht agus déanfaidh sé na sonraí sin a chomhiomlánú chun feidhmíocht Europass a thuiscint. Sonraí maidir le heochairtháscairí feidhmíochta, amhail líon na ndoiciméad Europass a íoslódáladh, líon na gcuairteanna ar an ardán agus na híoslódálacha, foilseofar iad ar ardán Europass ó am go chéile agus úsáidfear iad chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an ardáin. Ní bhainfear úsáid as do chuid eolais phearsanta chun na críche sin.
- Anailís a dhéanamh ar an margadh saothair agus ar an tsoghluaisteacht foghlama – Baileofar eolas amhail aois, náisiúntacht, taithí foghlama, taithí oibre agus scileanna agus úsáidfear é chun críoch staitistiúil. Déanfar do shonraí a chomhiomlánú agus a anaithnidiú d’fhonn táscairí staitistiúla ardleibhéil a tháirgeadh, agus iad sin amháin, táscairí nach mbeidh aon eolas iontu lena bhféadfaí duine a shainaithint. Comhlíonann próiseáil den sórt sin Airteagal 24(2)-(4) de Rialachán (AE) 2018/1725 (Rialachán RGCS). Bainfidh an Coimisiún Eorpach úsáid as na sonraí sin chun treochtaí a shainaithint i réimse an oideachais agus na fostaíochta, na riachtanais scileanna a bheidh ann sa todhchaí a thuar agus feabhas a chur ar na seirbhísí a thairgeann Europass.
- Cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí Europass – Tabhair eolas faoi aon athrú (nuashonruithe teicniúla nó slándála) a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar do chuntas Europass (e.g. ríomhphost a sheoladh faoin ngníomhaíocht is gá chun sásraí fíordheimhniúcháin a athrú, téarmaí úsáide nuashonraithe, nó saincheisteanna maidir le cineál na sonraí a sholáthraíonn tú ar Europass).
- Cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí Europass – Eolas a chur ar fáil faoi fheidhmiúlachtaí Europass, eolas atá ábhartha don ghairm agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, eolas faoi na Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama, nó iarraidh ar dhaoine páirt a ghlacadh i suirbhéanna, meastóireachtaí nó i dtionscnaimh eile den sórt sin. Beidh tú in ann rogha a dhéanamh i gcónaí an chumarsáid sin a fháil nó gan í a fháil.
- Cothabháil agus comhlíonadh ardán Europass – Is féidir sonraí agus eolas ina bhfuil ábhar neamhdhleathach nó míchuí a chuardach go gníomhach agus a bhaint den ardán, mar a cheanglaítear leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, Rialachán (AE) 2022/2065.
- Tacú le húsáideoirí Europass – Is féidir leat toiliú sainráite a thabhairt don phróiseálaí sonraí athbhreithniú a dhéanamh ar do chuntas agus ar do ríomhphunann ghaolmhar nó ar do chuntas ‘Déantóir Dintiúr Ar Líne’ gaolmhar chun tacú leat ó thaobh faidhbe de ar an ardán nó chun anailís a dhéanamh ar bhunchúis faidhbe a thuairiscigh tú.
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó le linn feidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid de chuid an Aontais nó don chomhlacht de chuid an Aontais;
- tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a s(h)onraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha;
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint.
Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn AS EMPL na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:
- Céadainm(neacha)
- Sloinn(t)e
Is gá na sonraí pearsanta sin a chur ar fáil chun próifíl Europass a chruthú. Mura soláthróidh tú an t-eolas sin, is féidir nach mbeidh tú in ann próifíl a chruthú ar Europass, agus dá bhrí sin, ní bheidh tú in ann cuntas Europass a chruthú.
Ar an eolas breise nach bhfuil gá leis a bhailíonn Europass chun próifíl iomlán a chruthú agus chun tairbhe a bhaint as na seirbhísí a thairgeann Europass, áirítear na nithe seo a leanas :
- Aitheantóir EU Login
- Eolas stairiúil úsáideora, agus modhanna chun logáil isteach
- Gníomhaíochtaí cuntais úsáideora stairiúla (Fotha Gníomhaíochta)
- Ainm agus sloinne
- Inscne
- Pictiúr próifíle
- Dáta breithe agus aois
- Áit bhreithe
- Náisiúntacht(aí)
- Teangacha
- Pas
- Doiciméad aitheantais
- Cead cónaithe
- Sonraí teagmhála, (i.e. seoladh ríomhphoist, suíomh gréasáin, uimhir ghutháin, teachtaireachtaí meandracha, meáin shóisialta)
- Taithí oibre
- Cead oibre
- Sonraí an cheadúnais tiomána
- Oideachas agus oiliúint
- Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama, i.e. dintiúir atá sínithe go digiteach, ina bhfuil sonraí breise lasmuigh de na catagóirí a bhfuil cur síos déanta orthu anseo (e.g. ballraíocht i ngrúpa, aitheantóirí pearsanta, ainm breithe, ainm athartha) arna n-uaslódáil i Mo Leabharlann
- Curriculum vitae
- Litreacha cumhdaigh
- Iarratais
- Sonraí a bhaineann le taithí oibre agus fostaíochta
- Sonraí a bhaineann le scileanna (e.g. Mo Scileanna)
- Sonraí a bhaineann le leasanna gairme agus foghlama (e.g. Mo leasanna, Mo cheanáin)
- Sonraí a bhaineann le hoideachas agus taithí oiliúna
- Doiciméid uaslódáilte (e.g. íomhánna, físeáin, doiciméid i bhformáidí a nglactar leo, etc.)
- Torthaí na Trialach Scileanna Digiteacha
- Sonraí a bhaineann le gnóthachtálacha pearsanta agus gairmiúla (e.g. tionscadail; foilseacháin; líonraí agus ballraíochtaí)
- Sonraí idirghníomhaíochta úsáideora (i.e. folúntais phoist agus deiseanna foghlama nó cáilíochtaí a ceadaíodh, ceisteanna cuardaigh agus torthaí cuardaigh gaolmhara, etc.)
- Glacadh deireanach leis an ráiteas príobháideachais
- Agus eolas breise faoi scileanna, cáilíochtaí agus foghlaim a fhéadfaidh na húsáideoirí a chur isteach más mian leo.
Ní choinníonn AS EMPL do shonraí pearsanta ach amháin a fhad is gá chun cuspóir a mbailithe a chomhlíonadh nó chun tuilleadh próiseála bhreise a dhéanamh orthu, mar a mhínítear faoin gceist ‘Cén fáth agus cén dóigh a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?’, is é sin go ceann 5 bliana tar éis an logáil isteach dheireanaigh ar an ábhar i do ríomhphunann. Le linn na tréimhse sin, gheobhaidh tú fógraí in Europass faoi ghnéithe uile do shonraí pearsanta. Coinnítear Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na Foghlama go ceann cúig (5) bliana laistigh den tiachóg DDE. Agus DDE á eisiúint ag an institiúid eisiúna agus i gcomhréir lena rialacha príobháideachais féin, féadfaidh sí a chinneadh diúltú do chruthú tiachóige sealadaí Europass chun DDE a stóráil go ceann sé (6) mhí. Cuirtear an t-úsáideoir ar an eolas trí ríomhphost.
Tá toirmeasc ar roinnt catagóirí speisialta sonraí faoi Airteagal 10(1), amhail:
- Sonraí a léiríonn tionscnamh ciníoch nó eitneach
- Sonraí a léiríonn tuairimí polaitiúla
- Sonraí a léiríonn creideamh reiligiúnach nó fealsúnach
- Sonraí a léiríonn ballraíocht i gceardchumann
- Sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil
- Sonraí a bhaineann leis an tsláinte
- Sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha
D’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina bhféadfadh sonraí den sórt sin a bheith i láthair go díreach nó go hindíreach nuair a uaslódálann tú doiciméid. Bí cúramach gan na catagóirí sonraí thuasluaite a chur le haon sonraí a chuireann tú leis ná le doiciméid a uaslódálann tú ar do chuntas Europass.
Is ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh a stóráiltear na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.). Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin, tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an riosca go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go bhfaighfí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus i bhfianaise na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, déantar rochtain ar na sonraí pearsanta a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do na baill foirne de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus le comhaontuithe breise rúndachta nuair is gá.
Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá nó chun na críocha is gá chun an dlí a chomhlíonadh.
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta, iad a cheartú nó iad a scriosadh, agus an ceart chun srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat freisin agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.
Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, rud a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).
Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do AS EMPL le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin.
I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) Taifid mar atá sonraithe faoi ‘Tuilleadh eolas mionsonraithe’ thíos) i d’iarratas.
An Rialaitheoir Sonraí
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí.
Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin
Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 mar thoradh ar an Rialaitheoir Sonraí próiseáil a dhéanamh ar do shonraí pearsanta.
Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála uile ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó.
Cuireadh an oibríocht phróiseála shonrach sin le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-04686.3