Cruthaigh do Litir Chumhdaigh Europass

Clúdaíonn Europass na céimeanna ar fad chun cuidiú leat litir chumhdaigh atá struchtúrtha, leanúnach agus gairmiúil a chur le chéile. Is féidir leat litreacha cumhdaigh nua a chruthú nó eagarthóireacht a dhéanamh ar litreacha atá agat cheana trí úsáid a bhaint as an uirlis atá ar Europass chun sin a dhéanamh.

Conas a chuidíonn Europass leat?

Clúdaíonn Europass an próiseas ar fad, céim ar chéim, chun cuidiú leat litir chumhdaigh mhaith a chruthú a bhfuil an t-eolas riachtanach ar fad inti. Is féidir leat litreacha cumhdaigh a chruthú, a stóráil agus a roinnt i 31 dteanga, sin agus teimpléid éagsúla a roghnú chun d'iarratas a chur in oiriúint agus na teimpléid sin a roinnt go héasca ó do Leabharlann Europass

Cruthaigh do Europass

Conas litir chumhdaigh mhaith a scríobh

Sa litir chumhdaigh, ba cheart duit béim a leagan ar an méid a spreag tú chun iarratas a dhéanamh ar phost nó ar dheis shonrach, sin agus a léiriú cén fáth a gceapann tú gur tusa an t-iarrthóir is fearr ar an bpost. Sa litir chumhdaigh, ba cheart duit tagairt a dhéanamh do shamplaí ar leith ó do CV, sin agus cur síos a thabhairt ar an bhfáth a bhfuil siad ábhartha don fholúntas poist a bhfuil iarratas á dhéanamh agat air.

Seirbhísí úsáideacha an Aontais