Ag foghlaim san Eoraip

Is iomaí féidearthacht atá ann chun staidéar a dhéanamh, tabhairt faoi oiliúint agus deiseanna foghlama nua a aimsiú ar fud na hEorpa. Is féidir le Europass cabhrú leat do chuid foghlama a phleanáil agus an deis cheart a aimsiú le do scileanna a fhorbairt.

Tóg an chéad chéim eile le Europass

Is tacar saor in aisce d’uirlisí ar líne é Europass a chuidíonn leat do ghairm agus do chuid staidéir a bhainistiú ar feadh do shaoil. Le Europass is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh:

Cláraigh agus cruthaigh do phróifíl Europass chun eolas a fháil faoin mbealach ar féidir le Europass cabhrú leat.

An chéad chéim eile i do ghairmréim a thógáil le Europass

Tá uirlisí eile ann mar chuid de Europass, uirlisí a chuidíonn leat do scileanna a chur in iúl go soiléir ar fud an Aontais:

  • Tugann an Forlíonadh Dioplóma eolas úsáideach duit faoi do dhioplóma ardoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat agus tú ag déanamh iarratais ar chúrsaí agus poist nua. 
  • Tugann Forlíonadh Teastais Europass eolas úsáideach duit faoi do cháilíochtaí gairmoideachais (e.g. gráid, gnóthachtálacha, institiúidí) chun cuidiú leat agus tú ag déanamh iarratais ar chúrsaí agus poist nua.
  • Cabhraíonn Soghluaisteacht Europass leat cur síos a dhéanamh ar do thaithí idirnáisiúnta agus na scileanna a d’fhorbair tú agus tú ag staidéar, ag obair nó ag déanamh obair dheonach i dtír eile.
Eolas agus tacaíocht