Pleanáil do ghairm le Europass

Chun teacht ar an bpost ceart agus le bheith i gceannas ar do ghairm, ní mór na huirlisí cearta a bheith agat chun do chuid scileanna a chur in iúl d'fhostóirí. Cuireann Europass na huirlisí agus an t-eolas atá uait ar fáil duit chun do ghairm a bhainistiú i rith do shaoil.

Machnamh a dhéanamh ar do chuid scileanna

Agus na chéad chéimeanna á dtógáil agat chun do ghairm romhat a leagan amach, tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar do chuid scileanna agus taithí. Cuideoidh na ceisteanna seo thíos leat é sin a dhéanamh:

  • An féidir leat cur síos a dhéanamh ar do chuid scileanna ar fad ar bhealach gonta, sothuigthe?
  • An féidir leat liosta a thabhairt de na scileanna a d'fhoghlaim tú ó thaithí oibre ar leith?
  • An féidir leat cur síos a dhéanamh ar na scileanna a d’fhoghlaim tú ó obair dheonach, ón bhfoghlaim ar líne, ó chaitheamh aimsire agus ó ghnóthachtálacha eile? 
  • Cad iad na scileanna nua a d'fhorbair tú le déanaí?
  • Cad iad na scileanna is luachmhaire atá agat?
Woman holding a coffee cup and making plans

Do chuid scileanna agus taithí a thaifeadadh agus a chur in iúl

Cuideoidh uirlisí Europass leat na scileanna agus an taithí ar fad atá agat a thaifeadadh. Ar an gcaoi sin beidh fáil agat i gcónaí ar chuntas soiléir, cothrom le dáta ar do chuid gnóthachtálacha in aon áit amháin. Is féidir leat próifíl phearsanta Europass a chruthú ina bhfuil do chuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí go léir. Is féidir leann rannáin a chur le do phróifíl chun cur síos a dhéanamh ar do thaithí oibre, forbairt ghairmiúil agus gnóthachtálacha eile ag an obair agus i do shaol pearsanta.

Ar Europass, is féidir leat forléargas ar do chuid scileanna a chur le chéile. Déanfar anailís ar an eolas atá i do phróifíl agus bunaithe air sin, gheobhaidh tú liosta scileanna, eolais agus inniúlachtaí a léiríonn an taithí atá agat.

Sainigh do spriocanna gairme agus na rudaí a gcuireann tú spéis iontu ar Europass chun tuiscint níos fearr a fháil ar na spriocanna atá agat. D'fhéadfaí gníomhaíochtaí agus ábhair ar mhaith leat díriú orthu a chur san áireamh ann, sin agus na háiteanna ar mhaith leat dul ag obair iontu.

Do chéad chéimeanna eile a phleanáil

Le Europass is féidir leat do chéad chéimeanna eile a phleanáil agus na poist chearta duitse a aimsiú.

Molfar duit poist a bhféadfá suim a chur iontu, bunaithe ar na scileanna agus na spéiseanna i do phróifíl Europass. Is féidir leat poist a chuardach i dtíortha éagsúla ar fud an Aontais chomh maith.

Is féidir leat do phróifíl Europass a roinnt le fostóirí agus le hearcaitheoirí chun iarratas a dhéanamh, nó chun litir chumhdaighCV a chruthú trí úsáid a bhaint as an eagarthóir ar Europass.