An fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú

Tacaíonn an tAontas Eorpach le gníomhaíochtaí chun infheictheacht agus luach na scileanna a shealbhaítear tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a léiriú. Nuair a dhéantar na scileanna sin a bhailíochtú, cuireann sé ar a gcumas do dhaoine réimse iomlán a scileanna a úsáid ar mhaithe lena ngairm agus lena gcuid foghlama amach anseo.

Cad í an fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil?

Foghlaimíonn daoine ar go leor bealaí éagsúla agus i gcomhthéacsanna difriúla taobh amuigh de struchtúir oideachais agus oiliúna fhoirmiúla. Is féidir scileanna a fhoghlaim ó ghnáth-imeachtaí laethúla, fiú i gcás nárbh í an fhoghlaim an phríomhsprioc ná an príomhrún a bhí leis ón tús.

  • Is minic a bhíonn struchtúr leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil (e.g. oiliúint ar an láthair oibre)
  • Tarlaíonn an fhoghlaim neamhfhoirmeálta go nádúrtha mar chuid de ghníomhaíochtaí éagsúla (e.g. scileanna digiteacha a fhorbraítear trí chaitheamh aimsire)

 

Cad atá i gceist leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú?

Is iomaí buntáiste don duine a bhaineann le scileanna a fhorbraítear tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Ach conas is féidir infheictheacht agus luach na scileanna sin a léiriú?

Le próiseas bailíochtaithe scileanna is féidir le daoine a gcuid scileanna a shainaithint, a dhoiciméadú, a rochtain agus a dheimhniú. Is é an toradh féideartha ar phróiseas mar sin go bhfaigheann daoine cáilíocht pháirteach nó iomlán. Is féidir leis sin cur lena ndeiseanna sa mhargadh saothair agus deiseanna gairmiúla nua a nochtadh dóibh. Is féidir leis freisin rochtain níos fearr a thabhairt dóibh ar bhreisoideachas agus ar oiliúint bhreise mar aon le díolúintí ó chodanna áirithe de mhodúil oiliúna nó de chúrsa céime.

Méadaítear cuimsiú sóisialta tríd an bhfoghlaim a bhailíochtú agus trí infheictheacht a scileanna a léiriú, is féidir leis daoine a chumhachtú, daoine a fhágann an scoil go luath, daoine dífhostaithe, daoine fásta ar bheagán oiliúna agus saoránaigh ó thríú tíortha ina measc.

Young woman holding a colour palette

Cén ról atá ag Ballstáit agus institiúidí an Aontais?

Le Moladh 2012 maidir le bailíochtú iarrtar ar na Ballstáit socruithe náisiúnta i dtaca le bailíochtú a chur i bhfeidhm faoi 2018. Ba cheart do na socruithe sin daoine a chumasú chun infheictheacht agus luach an eolais agus na scileanna a shealbhaigh siad lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a mhéadú, cuir i gcás: ag an obair, sa bhaile, nó trí ghníomhaíochtaí oibre deonaí. Tugann an Coimisiún Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) cúnamh do na Ballstáit sa phróiseas sin.

Leis na Treoirlínte Eorpacha maidir le bailíochtú cuirtear comhairle faoi bheartas agus comhairle phraiticiúil ar fáil do lucht ceaptha beartas agus páirtithe leasmhara maidir le bailíochtú a chur chun feidhme. Trí úsáid a bhaint as cásanna dea-chleachtais agus anailís théamach, léiríonn an Fardal Eorpach conas a úsáidtear bailíochtú ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil san Eoraip. Tacaíonn na Treoirlínte agus an Fardal le hidirphlé idir na páirtithe leasmhara go léir agus iad ag obair chun bailíochtú a fhorbairt san Eoraip.

Cuireann tíortha tuarascálacha aonuaire faoi bhráid Ghrúpa Comhairleach Europass maidir lena bhfreagairt beartais ar an Moladh. Déantar plé sna tuarascálacha ar an dul chun cinn a rinneadh chomh maith leis na dúshláin ar tugadh aghaidh orthu.

Déanann Grúpa Comhairleach an Chreata Eorpaigh um Cháilíochtaí (EQF) obair leantach ar chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle. Tá miontuairiscí agus doiciméid na gcruinnithe ar fáil sa Chlár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin.