Aitheantas ar scileanna agus ar cháilíochtaí

Tá aitheantas ar scileanna agus ar cháilíochtaí riachtanach chun tacú leis an tsoghluaisteacht, leis an bhfoghlaim agus le deiseanna gairme ar fud an Aontais.

Tá aitheantas ar scileanna agus ar cháilíochtaí riachtanach chun tacú leis an tsoghluaisteacht, leis an bhfoghlaim chomh maith le deiseanna gairme ar fud an Aontais.

Tá dhá phróiseas dhifriúla ann maidir le haitheantas ar cháilíochtaí:

  • Aitheantas ar bhreisoideachas agus ar oiliúint bhreise
  • Aitheantas ar rochtain ar an bhfostaíocht, gairmeacha a ndéantar rialáil orthu san áireamh

 

Aitheantas ar cháilíochtaí breisoideachais agus ar cháilíochtaí oiliúna breise

Cúlra an Bheartais

Le Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 cuirtear aitheantas frithpháirteach uathoibríoch chun cinn i ndáil leis na nithe seo a leanas:

  • dioplómaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus cáilíochtaí oiliúna agus
  • torthaí tréimhsí foghlama i dtír eile.

Leis an Moladh sin iarrtar ar na Ballstáit creat a chur i bhfeidhm chun aitheantas comhpháirteach uathoibríoch ar cháilíochtaí ardoideachais a bhaint amach ó Bhallstát go chéile faoi 2025.

Leis an Moladh freisin iarrtar aitheantas uathoibríoch iomlán ar thréimhsí staidéir i dtír eile agus aitheantas uathoibríoch ar dhioplómaí meánoideachais shinsearaigh agus cáilíochtaí oiliúna a thugann rochtain ar ardoideachas.

Ghlac Comhairle na hEorpa agus UNESCO an Coinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint i Liospóin in 1997. Is í an phríomhionstraim dlí maidir le haitheantas ar cháilíochtaí ar fud réigiún na hEorpa agus réigiún Mheiriceá Thuaidh de chuid UNESCO. Leis sin, is féidir le daoine a bhfuil cáilíocht acu ó thír shínithe rochtain a fháil ar mheasúnú ar a gcuid cáilíochtaí ó thír shínithe eile. Is féidir measúnú den sórt sin agus an t-aitheantas ina dhiaidh sin a bheith chun na críche seo a leanas:

  • breisoideachas treasach a rochtain
  • teidil acadúla a úsáid
  • rochtain ar mhargaí saothair a éascú

Gheall tíortha sínithe an Choinbhinsiúin go mbunóidís nósanna imeachta náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar cháilíochtaí dídeanaithe agus daoine easáitithe fiú i gcás nach bhfuil ann do dhoiciméid fhoirmiúla. 

Woman holding a globe

Eolas maidir le haitheantas ar cháilíochtaí

Déanann an líonra ENIC-NARIC beartas agus cleachtas comhpháirteach a fhorbairt i dtíortha uile na hEorpa i dtaca le haitheantas ar cháilíochtaí. Mar chuid den líonra tá Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise (ENIC), líonra a bhunaigh Comhairle na hEorpa agus UNESCO agus na Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC), lárionaid a bhunaigh an Coimisiún Eorpach.

Is féidir leat dul i dteagmháil le hoifigí náisiúnta ENIC-NARIC tríd an tairseach ENIC-NARIC chun tuilleadh eolais a fháil maidir le haitheantas ar cháilíochtaí breisoideachais agus ar cháilíochtaí oiliúna breise. 

Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla

Cúlra an bheartais

Déantar aitheantas ar cháilíochtaí gairmiúla san Aontas a rialú le Treoir 2005/36/CE

Leagtar amach na nithe seo a leanas sa Treoir:

  • córas aitheantais uathoibríoch le haghaidh na ngairmeacha seo a leanas: altraí, cnáimhseacha, dochtúirí (dochtúirí ginearálta agus speisialtóirí), fiaclóirí, cógaiseoirí, ailtirí agus tréidlianna
  • córas aitheantais ginearálta le haghaidh gairmeacha eile a ndéantar rialáil orthu ar nós múinteoirí, aistritheoirí agus gníomhairí eastáit agus
  • córas aitheantais atá bunaithe ar thaithí ghairmiúil, le haghaidh siúinéirí, cumhdaitheoirí agus sciamheolaithe, cuir i gcás.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le haitheantas ar ghairmeacha a ndéantar rialáil orthu anseo nó tabhair cuairt ar bhunachar na ngairmeacha a ndéantar rialáil orthu.

Creataí sonracha

Ní chumhdaítear le Treoir 2005/36/CE gairmeacha a rialaítear le forálacha sonracha dlí ar nós mairnéalach, iniúchóirí reachtúla, idirghabhálaithe árachais, rialaitheoirí eitleán, dlíodóirí, gníomhairí tráchtála agus roinnt gairmeacha eile a bhaineann le cúrsaí iompair nó daoine a bhíonn ag plé le táirgí tocsaineacha. Faigh tuilleadh eolais maidir le gairmeacha a thagann faoi reachtaíocht shonrach.

Leis an gCárta Gairmí Eorpach (EPC) bunaítear nós imeachta ar líne i dtaca le haitheantas ar cháilíochtaí le haghaidh 5 ghairm (altraí cúraim ghinearálta, fisiteiripeoirí, cógaiseoirí, gníomhairí réadmhaoine agus treoraithe sléibhe).