Faisnéis scileanna agus Europass

Tá sé d'aidhm ag Europass eolas tráthúil cruinn a chur ar fáil maidir le forbairtí scileanna agus forbairtí i margadh an tsaothair i dtíortha, in earnálacha agus i ngairmeacha san Aontas amach anseo. Déanfar eolas a léirmhíniú agus a shintéisiú go fóinteach ar bhealach cuimsitheach atá éasca le húsáid, rud a chuirfidh ar chumas an leagain nua de Europass faisnéis scileanna luachmhar a chur ar fáil.

Cad is faisnéis scileanna ann?

Trí úsáid a bhaint as eolas maidir le treochtaí agus le héilimh thábhachtacha i margadh an tsaothair is féidir tacaíocht a chur ar fáil do threoraíocht agus comhairleoireacht, do phróisis earcaíochta, do sholáthar oideachais agus oiliúna, agus do chonairí gairme.

Is féidir leis na grúpaí seo a leanas go léir tairbhe a bhaint as faisnéis scileanna: lucht ceaptha beartais ag leibhéal an Aontais, ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal réigiúnach, pobal an taighde, cleachtóirí treorach, soláthraithe oideachais agus oiliúna, fostóirí agus fiú amháin daoine aonair (i.e. daoine óga, cuardaitheoirí poist agus daoine eile ar mian leo cinntí saoil a dhéanamh).

 

leibhéil

An fáth le faisnéis scileanna a chur san áireamh mar chuid de Europass

Léirítear i gCinneadh Europass go gcuirfear eolas nó naisc chuig eolas faoi fhaisnéis scileanna ar fáil ar thairseach ar líne Europass, eolas a tháirgeann gníomhaíochtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais laistigh dá réimsí inniúlachta.

Tosaíodh ar nuachóiriú Europass i ngeall ar an ngá atá ann deimhin a dhéanamh de go bhfuil Europass ábhartha do riachtanais an úsáideora i bhfianaise an digitithe agus na gcleachtas athraitheach in earnáil na hearcaíochta, na hoibre agus na foghlama. Léirítear i gCinneadh Europass go ndéanfaidh an Coimisiún forbairt ar Europass i gcomhréir le riachtanais an úsáideora agus an dul chun cinn teicneolaíoch, mar aon le hathruithe i margaí an tsaothair agus i soláthar an oideachais agus na hoiliúna.

Dá bhrí sin, caithfear forbairt Europass a bhainistiú i gcomhréir leis na treochtaí agus na riachtanais atá ag teacht chun cinn chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil uirlisí agus eolas Europass ábhartha agus cothrom le dáta, rud a chabhróidh le daoine agus iad ag cuardach poist nó ag déanamh cinntí maidir leis an bhfoghlaim, an staidéar nó an obair.

Mar chuid den fhorbairt leanúnach ar Chreat nua Europass, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit, le páirtithe leasmhara agus le saineolaithe, go háirithe Cedefop ina measc, le féachaint ar na bealaí ar féidir faisnéis scileanna a úsáid chun feabhas a chur ar an eolas a chuirtear ar fáil d'úsáideoirí Europass. Táthar ag súil leis go dtosófar ar an obair sin in 2020.

Gníomhaíochtaí eile an Aontais maidir le faisnéis scileanna

Faoi láthair, is ardán uathúil ar líne é an Lánléargas Scileanna a chuireann faisnéis scileanna Eorpach ar fáil, e.g. ar an ardán sin is féidir teacht ar gach eolas maidir le riachtanais scileanna agus margaí an tsaothair san Aontas. Is é is aidhm dó cuidiú le húsáideoirí roghanna nó cinntí eolacha a dhéanamh maidir le saincheisteanna oideachais, oiliúna agus fostaíochta.