Do CV Europass a sheoladh chuig EURES

Eolas do Chuardaitheoirí Poist faoi EURES agus Ráiteas Cosanta Sonraí EURES

Ar mhaith leat do CV Europass a chur ar aghaidh chuig tairseach EURES?

Is líonra seirbhísí fostaíochta é EURES a chlúdaíonn gach tír san Aontas Eorpach chomh maith leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Ar an meán liostaítear ar thairseach EURES os cionn 4 mhilliún post atá ar fáil. Ó bhí 1994 ann, tá níos mó ná 1000 comhairleoir EURES tar éis cúnamh a thabhairt do chuardaitheoirí poist na poist a aimsiú, agus cúnamh a thabhairt d’fhostóirí teacht ar na hiarrthóirí oiriúnacha ó gach cearn den Eoraip. Is féidir leat do CV Europass a sheoladh chuig tairseach EURES mar ar féidir le comhairleoirí EURES agus na mílte fostóirí breathnú air. Téigh chuig tairseach EURES chun tuilleadh eolais a fháil faoi EURES. Tar éis duit do CV Europass a chomhroinnt le EURES, is féidir leat an CV a scriosadh nó a nuashonrú am ar bith. 

Chomh maith le meaitseáil post, cuireann EURES seirbhísí eile ar fáil d’úsáideoirí Europass:

  • Tá rannán ag EURES ina bhfuil cuid mhór eolais maidir le Dálaí Maireachtála agus Oibre i 31 thír Eorpacha
  • Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le comhairleoirí EURES atá liostaithe ar thairseach EURES le haghaidh tacaíocht aonair agus tú ag cuardach poist
  • Tá a lán ailt shuimiúla agus leideanna ar thairseach EURES do chuardaitheoirí poist a bheidh úsáideach duit

Do shonraí pearsanta a chosaint

San eolas i do CV Europass tá sonraí pearsanta atá faoi chosaint reachtaíocht an Aontais. Is éard a chiallaíonn sé sin gurb ionann do CV Europass a sheoladh chuig tairseach EURES agus do chuid sonraí pearsanta a aistriú. Ní mór don phróiseáil sin an méid seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Rialachán (AE) 2018/1725, atá infheidhme maidir le próiseáil sonraí a dhéanann institiúidí agus comhlachtaí Eorpacha
  • Rialachán 2016/679 (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), atá infheidhme maidir le próiseáil sonraí a dhéanann eagraíochtaí nach cuid d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais iad

Bunriachtanas ó na gníomhartha dlí sin is ea go gcaithfidh tú do thoiliú sainráite a thabhairt do CV Europass a aistriú chuig tairseach EURES. Tá sé de cheart agat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith. Más rud é go bhfuil tú faoi aois, ní mór duit toiliú do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí dlíthiúla a fháil. 

Tá sé tábhachtach go dtuigeann tú cuspóir phróiseáil (úsáid) na sonraí ar thairseach EURES.

Soláthraíonn tairseach EURES eolas agus seirbhísí ar mhaithe le cuardaitheoirí poist ar spéis leo post nó deiseanna eile a aimsiú san Eoraip, ar mhaithe le fostóirí agus eagraíochtaí ar spéis leo iarrthóirí ó thíortha eile a aimsiú, agus ar mhaithe le haon saoránach ar mian leis nó léi leas a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta daoine. Ciallaíonn prionsabal na saorghluaiseachta go bhfuil an tsaoirse agat, mar shaoránach den Aontas Eorpach/LEE, a bheith ag obair in áit ar bith sna tíortha sin.

Leis an mbunachar sonraí CVanna atá ar thairseach EURES, tugtar an deis do chuardaitheoirí poist a CVanna a fhoilsiú ar líne, agus tugtar an deis d’fhostóirí CVanna/próifílí cuardaitheoirí poist na n-iarrthóirí féideartha a chuardach agus breathnú orthu.

Le hinneall meaitseála thairseach EURES, tá seirbhís uathoibríoch ar fáil a mheaitseálann folúntais agus CV/próifílí cuardaitheoirí poist trí úsáid a bhaint as algartaim bunaithe ar roinnt critéar, amhail oideachas, taithí, scileanna, suíomh reatha agus suíomh inmhianaithe, gairm inmhianaithe, srl.  

Tugann Ráiteas Cosanta Sonraí EURES an t-eolas ar fad duit a theastaíonn uait maidir le cosaint do shonraí pearsanta atá á n-aistriú chuig tairseach EURES. Ní mór ráiteas cosanta sonraí a bheith i bhfeidhm ag gach cuideachta a láimhseálann agus a stórálann sonraí pearsanta. Tá míniú gearr ar Ráiteas Cosanta Sonraí EURES thíos, chomh maith leis an nasc ábhartha ina bhfaighidh tú an bunráiteas ina iomláine. Moltar duit sin a léamh.

Is í Oifig Eorpach Comhordúcháin EURES, arna bainistiú ag an Údarás Eorpach Saothair, Rialaitheoir thairseach EURES.

Ráiteas Cosanta Sonraí EURES 

Sa ráiteas príobháideachais tugtar eolas faoi phróiseáil agus faoi chosaint do chuid sonraí pearsanta faoi phointe A. Tá téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le húsáid sheirbhísí tairsí EURES, rialacha cosanta sonraí san áireamh, liostaithe faoi phointe B. Agus tú ag aontú leis an doiciméad seo, tá tú ag aontú le próiseáil do chuid sonraí pearsanta i gcomhréir leis na coinníollacha atá liostaithe thíos, agus tá tú ag aontú freisin go n-úsáidfidh tú seirbhísí thairseach EURES de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha sonracha atá liostaithe thíos agus aird ar leith á tabhairt agat ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

Tá an ráiteas maidir le cosaint sonraí agus téarmaí agus coinníollacha sonracha maidir le seirbhísí tairsí EURES a úsáid ar fáil.