Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama

Is éard atá sna Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama ráitis arna n-eisiúint ag eagraíocht chuig foghlaimeoir, ina ndéantar a gcuid foghlama a dhoiciméadú.

I measc na nDintiúr Digiteach Eorpach le haghaidh na foghlama, tá dioplómaí, tras-scríbhinní taifead agus réimse leathan cineálacha eile teastas gnóthachtála foghlama. Tá siad ilteangach agus sínithe le ríomhshéala uathúil (is é sin coibhéis dhigiteach stampa rubair institiúide). Fágann sé sin gur féidir le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna dintiúir d’aon mhéid, d’aon chruth nó d’aon fhoirm a fhíordheimhniú, a bhailíochtú agus a aithint go héasca.

Céard is Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama ann?

Is féidir le Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama cur síos agus deimhniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • cáilíochtaí (e.g. teastais ghairmiúla, dioplómaí ollscoile agus ghnóthachtálacha foghlama eile),
  • gníomhaíochtaí (e.g. rannpháirtíocht i ranganna agus in imeachtaí foghlama seachfhoirmiúla),
  • measúnuithe (e.g. tras-scríbhinní taifead), agus
  • teidlíochtaí (e.g. an ceart chun clárú maidir le deiseanna foghlama, nó chun tabhairt faoi ghairm.)

Leis na seiceálacha ionsuite fíordheimhnithe agus fíoraithe a dhéantar ar an toirt go huathoibríoch, tacaítear leis an aitheantas agus cuidítear chun na hualaí riaracháin a laghdú trína léiriú láithreach an ndearnadh crioscaíl ar dhintiúr nó ar eisigh eagraíocht neamhúdaraithe é. Tá an bhailíocht dhlíthiúil chéanna ag Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama agus atá ag dintiúir pháipéarbhunaithe, agus aithnítear iad ar fud an Limistéir Eorpaigh Oideachais.

Buntáistí na ndintiúr digiteach

Tá go leor buntáistí ag baint leis na Dintiúir Dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama do shaoránaigh, d’fhostóirí agus d’eagraíochtaí.

learner

Daoine aonair:

  • Is féidir le daoine aonair punann ar líne a chur i dtoll a chéile chun a gcuid foghlama ar fad a rianú agus smacht iomlán a bheith acu ar a gcuid sonraí
  • Is féidir leo a ndintiúir a athúsáid go héasca chun post a fháil nó chun iarratas a dhéanamh ar oiliúint bhreise ar fud na hEorpa
  • Is féidir leo a ndintiúir a chur i láthair agus a fhíorú ag pointe ar bith ina ngairm bheatha, fiú má dhúnann an institiúid a d’eisigh iad nó má chailltear na sonraí a úsáidtear chun iad a chruthú

Fostóirí:

  • Is féidir le fostóirí an t-am agus an costas a bhaineann le dintiúir a fhíorú agus iarratais ar phost a phróiseáil a laghdú go suntasach
  • Is féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar dhintiúir iarrthóirí, go háirithe iad siúd as Ballstáit eile mar go n-aistreofar go dtí a dteanga féin iad
  • Is féidir leo iontaoibh a chur i ndintiúir chrioscaíldíonacha
employer
ETP

Soláthraithe oideachais agus oiliúna:

  • Is féidir le soláthraithe oideachais agus oiliúna laghdú a dhéanamh ar a n-ualach riaracháin agus ar na costais a bhaineann le dintiúir a eisiúint, agus ag an am céanna dlús a chur le nósanna imeachta eisiúna tríd an aistriú digiteach
  • Is féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar dhintiúir foghlaimeoirí, go háirithe iad siúd as Ballstáit eile mar go n-aistreofar go dtí a dteanga féin iad

 

Is doiciméid dhigiteacha iniompartha iad a bhaineann úsáid as caighdeáin oscailte agus atá ailínithe go hiomlán le creataí agus ionstraimí aitheanta de chuid an Aontais, amhail:

D’fhéadfaí go mbeidh spéis agat seo a léamh