Conas is féidir liom mo scileanna teanga a fhéinmheasúnú?

Is féidir leat do scileanna teanga a fhéinmheasúnú i do phróifíl Europass. Is éard atá i gceist le do scileanna a fhéinmheasúnú machnamh a dhéanamh ar do scileanna, agus cur síos ar leibhéil na scileanna céanna. Is féidir leat tábla simplí féinmheasúnaithe a líonadh isteach i do phróifíl Europass chun cur síos ar do scileanna teanga. Is féidir leat gach cur síos san uirlis féinmheasúnaithe a léamh agus an leibhéal a roghnú is fearr a chuireann síos dar leat ar do scileanna éisteachta, léitheoireachta, idirghníomhaíochta labhartha, táirgthe béil agus scríbhneoireachta in aon teanga. Déanann tú do theastais teanga a stóráil sa leabharlann Europass freisin. Baineann an uirlis féinmheasúnaithe úsáid as Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR).

Is féidir leat an tábla féinmheasúnaithe a roinnt ó do phróifíl Europass lena roinnt le daoine eile ar nós fostóirí, agus institiúidí oideachais nó oiliúna.

Cad a tharla do Phas Teanga Europass?

Bunaíodh Pas Teanga Europass mar cheann de theimpléid doiciméid Europass in 2004 mar uirlis féinmheasúnaithe maidir le scileanna agus cáilíochtaí teanga.

Rinne an leagan reatha de Europass an pas teanga a chur isteach i bpróifíl Europass mar chuid den phróifíl darb ainm scileanna teanga. Tá tú fós in ann d’inniúlachtaí teanga a fhéinmheasúnú bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR)agus do thorthaí a roinnt le fostóirí nó institiúidí oideachais de réir mar is gá.

Cad é an Forlíonadh Dioplóma?

Is féidir leis an bh Forlíonadh Dioplóma cuidiú leat cur síos ar do cháilíochtaí ardoideachais ar bhealach soiléir comhsheasmhach.

Cad é Forlíonadh Teastais Europass?

Is féidir le Forlíonadh Teastais Europass cuidiú leat cur síos ar do cháilíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna ar bhealach soiléir comhsheasmhach.

Cad í Soghluaisteacht Europass?

Is féidir le Soghluaisteacht Europass cuidiú leat scileanna a shealbhaigh tú le linn do thaithí soghluaisteachta i dtír eile a chur ar taispeáint.

Seoladh an leagan nua de Europass in Iúil 2020. An féidir liom úsáid a bhaint go fóill as CVanna agus litreacha cumhdaigh Europass ó am níos faide siar ná sin?

Má chruthaigh tú CV Europass nó litir chumhdaigh roimh Iúil 2020 is féidir leat na doiciméid sin a iompórtáil chuig an Eagarthóir ar líne chun iad a chur in eagar. Ina theannta sin is féidir leat clárú chun do phróifíl Europass a chruthú agus doiciméid a stóráil i do leabharlann Europass ionas go mbeidh tú in ann do dhoiciméid a rochtain agus a roinnt ó aon áit amháin.

Conas a dhéanaim mo CV Europass a shábháil?

Gheobhaidh tú fógra i gcónaí maidir leis na roghanna atá agat tar éis duit do CV a chur i gcrích:

Mar úsáideoir cláraithe, is féidir leat é a íoslódáil chuig do ghléas áitiúil nó é a stóráil i do leabharlann Europass.

Mar aoi-úsáideoir, is féidir leat é a íoslódáil chuig do ghléas áitiúil.

An féidir le Europass mo CV Europass agus mo Litir Chumhdaigh a aistriú?

Is féidir leat do phróifíl Europass, CV Europass, agus Litir Chumhdaigh a chruthú i 29 dteanga éagsúla. Ní aistríonn Europass an t-eolas atá curtha ar fáil agat cheana i do phróifíl ná i do dhoiciméid, áfach.

An féidir liom leaganacha éagsúla de mo CV Europass a chruthú?

Is féidir leat leaganacha éagsúla de do CV Europass a chruthú. Is féidir leat úsáid a bhaint freisin as na teimpléid amhairc éagsúla atá ar fáil. Is féidir le húsáideoirí cláraithe na leaganacha éagsúla a stóráil ina Leabharlann Europass. Is féidir le haoi-úsáideoirí na leaganacha éagsúla dá CV Europass a íoslódáil agus iad a nuashonrú tráth níos déanaí.

Tá mo CV Europass caillte agam. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Más aoi-úsáideoir thú, beidh an t-eolas a chuireann tú isteach i do phróifíl Europass ar fáil go ceann 48 uair an chloig i ndiaidh do chuairte deireanaí.

Mar úsáideoir cláraithe, sábhálfar do chuid eolais ar feadh tréimhse níos faide agus féadfaidh tú do CVanna Europass agus do Litreacha Cumhdaigh a shábháil i do Leabharlann.

Subscribe to