Tá mé dall nó níl agam ach lagamharc. An féidir liom CV Europass a úsáid?

Is féidir; bhíothas ag machnamh go cúramach ar dhaoine lagamhairc agus ar dhaill agus Europass á fhorbairt. Tacaíonn sé le teicneolaíocht chúnta agus cuireann sé roghanna malartacha ar fáil do dhaoine a bhfuil baic mar sin le sárú acu.

Cad is Lárionad Náisiúnta Europass ann?

Déanann Lárionad Náisiúnta Europass na gníomhaíochtaí ar fad a bhaineann le Europass a chomhordú i ngach tír a ghlacann páirt in Europass. Is é an chéad phointe teagmhála é d’aon duine nó eagraíocht ar spéis leo Europass a úsáid nó tuilleadh a fhoghlaim faoi. Is féidir leat dul i dteagmháil le Lárionad Náisiúnta Europass do thírse nó na tíre ar spéis leat a bheith ag obair nó ag foghlaim inti.

Conas is féidir liom tacaíocht a fháil i mo thírse?

Is féidir leat eolas agus seirbhísí a chuideoidh leat a lorg i dtíortha éagsúla sna rannáin Ag Foghlaim san Eoraip agus Ag Obair san Eoraip ar Europass. Roghnaigh ón liosta an tír is spéis leat.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Europass, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Lárionad Náisiúnta Europass i do thírse.

Conas a sheiceálaim leibhéal mo cháilíochta ar an gCreat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF)?

D’fhéadfadh sé go mbeadh eolas faoin leibhéal EQF san áireamh i do dhoiciméid cháilíochta (dioplóma, teastas, tras-scríbhinní) nó is féidir leat an t-eolas sin a iarraidh ar an institiúid ina ndearna tú staidéar.

Cad é an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF)?

Is uirlis de chuid an Aontais an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF) a dhéanann cáilíochtaí níos sothuigthe trasna tíortha agus córas. Le EQF is féidir cáilíochtaí a bhaintear amach in aon tír Eorpach a thuiscint trí chóras simplí ocht leibhéal. D’fhéadfadh sé go mbeadh eolas faoi EQF san áireamh i ndioplómaí do cháilíochtaí, nó i d’Fhorlíonadh Dioplóma nó d’Fhorlíonadh Teastais. Is féidir leat eolas faoi leibhéal EQF do cháilíochta a chur san áireamh ar do CV agus d’iarratais chun cuidiú le fostóirí nó institiúidí oideachais agus oiliúna i dtíortha eile do cháilíochtaí a thuiscint.

Cad iad na teangacha ina bhfuil Europass ar fáil?

Tá Europass ar fáil sna teangacha seo a leanas a bhaineann leis na tíortha atá rannpháirteach in Europass:

  • Béarla
  • Bulgáiris
  • Cróitis
  • Danmhairgis
  • Eastóinis 
  • Fionlainnis
  • Fraincis
  • Gaeilge
  • Gearmáinis
  • Gréigis
  • Iodáilis
  • Ioruais
  • Íoslainnis
  • Laitvis
  • Liotuáinis
  • Macadóinis
  • Máltais
  • Montainéigris
  • Ollainnis
  • Polainnis
  • Portaingéilis
  • Rómáinis
  • Seicis
  • Seirbis
  • Slóivéinis
  • Slóvaicis
  • Spáinnis
  • Sualainnis
  • Tuircis
  • Úcráinis
  • Ungáiris

Ní thaispeánann mo bhrabhsálaí Europass i gceart. Cad is féidir liom a dhéanamh?

Do bhrabhsálaí a nuashonrú nó smaoineamh ar cheann eile a úsáid, e.g. leagan a rinneadh le déanaí de Firefox, Chrome nó Internet Explorer. Mura réitíonn sin an fhadhb, téigh i dteagmháil le foireann Europass.

An féidir liom Europass a úsáid le gléas soghluaiste?

Is féidir; féadfaidh tú Europass a úsáid ar tháibléid agus fóin phóca, ar bhrabhsálaithe gréasáin éagsúla agus i bhfuinneoga lena mbaineann méideanna atá éagsúil ó thaobh taifigh de.

Cad a dhéanaim má dhearmadaim mo phasfhocal EU Login?

Molaimid duit cliceáil ar “Pasfhocal dearmadta?” ar an leathanach logáil isteach. Tabhair do d’aire nach féidir leat do phasfhocal a athshocrú má tá do chuntas faoi ghlas. Beidh lucht dheasc chabhrach EU Login in ann cuidiú leat, áfach. Cuirtear síos ar an bpróiseas ina iomláine ar an leathanach EU Login.

Conas a chláraím le Europass?

Chun clárú le Europass, is gá duit ar dtús do chuntas EU Login, is é sin seirbhís úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh, a chruthú. Chun do ‘EU Login’ a chruthú cuireann tú isteach do sheoladh ríomhphoist agus cruthaíonn tú pasfhocal. Gheobhaidh tú ríomhphost ansin agus nasc ann a cheadóidh duit an próiseas clárúcháin a chur i gcrích. Is féidir leat tosú ag baint úsáid as Europass mar úsáideoir cláraithe as sin amach. Tá rochtain iomlán ag úsáideoirí cláraithe ar uirlisí Europass ar fad, ina measc an Phróifíl, an Leabharlann agus na moltaí post agus cúrsaí.

Subscribe to