Europass le haghaidh Treoirchomhairleoireachta

Cuireann Europass uirlisí ilteangacha agus eolas ábhartha ar fáil do chleachtóirí treorach chun go mbeidh siad in ann cuidiú le daoine lena ngairm agus lena gcuid foghlama.

Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn tairseach Europass, tacar saor in aisce uirlisí agus eolais ar líne i dtaca leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an bhforbairt gairme. Is acmhainn luachmhar iad na huirlisí agus an t-eolas sin do dhaoine aonair agus do chleachtóirí treorach araon agus iad ag cur tacaíocht agus eolas ar fáil do dhaoine a bhfuil spéis acu dul i mbun staidéir, tabhairt faoi oiliúint, dul i mbun oibre agus obair dheonach a dhéanamh san Eoraip.

Tairseach ar líne don fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil

Chun conairí foghlama agus gairme a phleanáil, ní leor tacaíocht ó chleachtóirí treorach amháin ach tá eolas agus uirlisí atá cothrom le dáta ag teastáil freisin chun tacú le daoine cinntí a dhéanamh.

Is tacar uirlisí agus eolais ar líne é Europass a chuidíonn le daoine gach céim dá ngairm agus dá gcuid foghlama a bhainistiú. Leis an bpróifíl Europass nua, is féidir le húsáideoirí a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí a léiriú, a dhoiciméadú agus a roinnt ó gach céim dá saol. Cuireann Europass tacaíocht ar fáil do dhaoine chun an post nó an cúrsa ceart a aimsiú dóibh trí dheiseanna ábhartha atá ar aon dul lena dtacar scileanna agus taithí a mholadh dóibh. Cuireann sé uirlisí machnaimh agus rochtain ar eolas ar fáil mar aon leis an bhféidearthacht dintiúir dhigiteacha a stóráil agus a thaispeáint saor in aisce.

Dearadh Europass le bheith ina sheirbhís is féidir a úsáid gan dua agus atá in ann freastal ar riachtanais grúpaí úsáideoirí éagsúla (tá sé ar fáil i 31 dteanga Eorpacha dhifriúla).

 

An chumarsáid idir an cliant agus an cleachtóir treorach a shimpliú

Is féidir le cleachtóirí treorach agus gairmithe eile uirlisí agus eolas Europass a úsáid lena gcliaint le haghaidh iliomad cuspóirí. Is féidir le cleachtóirí treorach obair a dhéanamh lena gcliaint chun a bpróifíl Europass a chur i gcrích agus pictiúr iomlán dá gcuid scileanna, cáilíochtaí agus spéiseanna a fhorbairt. Is féidir le cliaint moltaí faoi chúrsaí agus faoi phoist a fháil bunaithe ar an eolas atá ina bpróifíl. Is féidir le cliaint eolas a roinnt go héasca óna bpróifíl le cleachtóirí treorach chun an treoraíocht ghairme agus foghlama atá uathu a fháil.

Cuireann Europass eolas ar fáil faoi bheith ag foghlaim san Eoraip agus ag obair san Eoraip, eolas atá úsáideach agus cúnamh á thabhairt do chliaint. Is féidir le cleachtóirí treorach teacht ar eolas cothrom le dáta faoi na nithe seo freisin:

 

Cuireann Europass leathanaigh na dtíortha ar fáil freisin a bhfuil eolas orthu maidir le seirbhísí ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta, sin agus foinsí eolais agus líonraí comhchosúla eile a chuireann tacaíocht ar fáil do chliaint.

 

Tá sé d'aidhm ag Europass a bheith ina uirlis treorach a thacaíonn le treoraíocht i leith na foghlama ar feadh an tsaoil ionas go mbeidh sé níos éasca deiseanna nua fostaíochta, foghlama agus soghluaisteachta a aimsiú. Is uirlis saor in aisce é Europass is féidir le cleachtóirí treorach a úsáid le húsáideoirí éagsúla agus, á dhéanamh sin dóibh, cothóidh siad cuimsiú, rannpháirtíocht agus inrochtaineacht do chách.

Woman pointing at a white board with sticky notes about learning and skills

Cuir Europass chun cinn i measc foghlaimeoirí, oibrithe, cuardaitheoirí poist agus oibrithe deonacha

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair le tíortha, páirtithe leasmhara agus saineolaithe rannpháirteacha ar fud an Aontais chun Europass a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tá ról tábhachtach ag cleachtóirí treorach in earnálacha oideachais agus fostaíochta maidir le Europass a úsáid chun cuidiú le spriocphobail éagsúla agus chun an fhéidearthacht atá ann Europass a chur in oiriúint do riachtanais dhifriúla a léiriú.

Téigh i dteagmháil linn le haiseolas nó le ceisteanna maidir le Europass.