Frequently Asked Questions

Eagarthóir CV agus litreach cumhdaigh Europass

An féidir le Europass mo CV Europass agus mo Litir Chumhdaigh a aistriú?

Is féidir leat do phróifíl Europass, CV Europass, agus Litir Chumhdaigh a chruthú i 29 dteanga éagsúla. Ní aistríonn Europass an t-eolas atá curtha ar fáil agat cheana i do phróifíl ná i do dhoiciméid, áfach.

Conas a dhéanaim mo CV Europass a shábháil?

Gheobhaidh tú fógra i gcónaí maidir leis na roghanna atá agat tar éis duit do CV a chur i gcrích:

Mar úsáideoir cláraithe, is féidir leat é a íoslódáil chuig do ghléas áitiúil nó é a stóráil i do leabharlann Europass.

Mar aoi-úsáideoir, is féidir leat é a íoslódáil chuig do ghléas áitiúil.

Seoladh an leagan nua de Europass in Iúil 2020. An féidir liom úsáid a bhaint go fóill as CVanna agus litreacha cumhdaigh Europass ó am níos faide siar ná sin?

Má chruthaigh tú CV Europass nó litir chumhdaigh roimh Iúil 2020 is féidir leat na doiciméid sin a iompórtáil chuig an Eagarthóir ar líne chun iad a chur in eagar. Ina theannta sin is féidir leat clárú chun do phróifíl Europass a chruthú agus doiciméid a stóráil i do leabharlann Europass ionas go mbeidh tú in ann do dhoiciméid a rochtain agus a roinnt ó aon áit amháin.

Conas is féidir mo CV Europass a d’fhoilsigh mé ar EURES a dhífhoilsiú?

 

Chun do CV Europass a dhífhoilsiú ó EURES ní mór duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Logáil isteach i do chuntas Europass.
  • ‘Dífhoilsigh do CV ar EURES’ a roghnú faoi ‘Socruithe Cuntais’,
  • Cliceáil ‘Dífhoilsigh an CV’ ar an mír aníos a osclófar ina bhfiafrófar díot an bhfuil tú cinnte gur mian leat do CV a dhífhoilsiú ar EURES.
Conas is féidir liom na príomhrannáin ar mo CV a athordú?

Is féidir leat na príomhrannáin (oideachas, taithí oibre) nó na forannáin (taithí oibre aonair) a athordú de láimh chun iad a thaispeáint san ord is mian leat.

Chun rannán iomlán a bhogadh:

  • Cliceáil ar na saigheada gorma a fheiceann tú ar an taobh clé den rannán sin. 

Chun míreanna a bhogadh laistigh de rannán:

  • Bog do luchóg ar thaobh na láimhe clé den mhír sin. Beidh cruth difriúil (cros/comhartha plus) ar do chúrsóir. Ansin féadfaidh tú cliceáil, é a choinneáil ansin síos agus é a bhogadh suas nó síos (tarraingt agus scaoileadh) ag brath ar an áit ar mian leat an mhír sin a chur.
Conas is féidir liom ceangaltáin a chur le mo CV Europass?

Is féidir leat do dhoiciméid a roinnt go díreach ó Leabharlann Europass nó rannán a chur le do CV Europass leis an nasc chuig doiciméad/doiciméid ó do Leabharlann Europass.

Doiciméad/doiciméid ó do leabharlann Europass a roinnt mar úsáideoir cláraithe:

  • Céim 1: Roghnaigh an doiciméad/na doiciméid is mian leat a roinnt trí chliceáil ar an ticbhosca (ar chlé ar bharr gach doiciméid).
  • Céim 2: Roghnaigh ‘Roinn’.       
  • Céim 3: Is féidir leat an fad ama is féidir le daoine ar roinn tú an nasc leo do dhoiciméad/dhoiciméid a fheiceáil a choigeartú ar an mír aníos a osclófar.
  • Céim 4: Cliceáil ar an gcnaipe ‘Gin nasc’.

Gheobhaidh tú nasc uathúil is féidir leat a roinnt leis na daoine is mian leat.

Is féidir leat an nasc sin a chur le do CV Europass freisin. 

Tabhair do d’aire nach gcuirfear doiciméid a uaslódálann tú ar leabharlann Europass san áireamh go huathoibríoch i do CV Europass.

Cad iad na réimsí atá éigeantach sa Litir Chumhdaigh?

Chun do litir chumhdaigh a chruthú, tá na réimsí seo a leanas éigeantach:

  • teanga na litreach cumhdaigh.
  • formáid an dáta.
  • céadainm/céadainmneacha.
  • sloinne/sloinnte.
  • ábhar.
  • beannachtaí (líon isteach an dá bhosca, fiú mura bhfuil ach ceann amháin acu éigeantach).
  • d’ainm (sa rannán ‘scoir’).

 

Ní réimsí éigeantacha iad na cinn eile. Mar sin féin, má líonann tú isteach an réimse ‘uimhir theileafóin’, beidh ort an cód tíre a chur isteach. Ar an gcaoi chéanna, má líonann tú isteach ‘Seoladh’ beidh ort an tír a roghnú chomh maith.

Cad é an difríocht idir Próifíl Europass agus CV?

Is é do phróifíl Europass do spás pearsanta ar líne inar féidir leat do scileanna, d’oideachas, do chuid taithí oibre agus gnóthachtálacha agus eolas eile a chlárú. 

Tá an phróifíl ina ionad uilechuimsitheach inar féidir leat do chuid eolais a eagrú. Is féidir leat an t-eolas ar fad nó cuid den eolas ó do phróifíl Europass a úsáid chun CVanna a chruthú do phoist nó do chúrsaí a mbeifeá ag cur isteach orthu, mar sin cuidíonn sé leat do CV a chur in oiriúint do phost ar leith.

 

Leis an rogha ‘Cruthaigh CV’ is furasta CV amháin nó go leor CVanna a chruthú ó do Phróifíl Europass. Is féidir leat é a úsáid chun cur isteach ar phost, ar chúrsa oideachais, ar chúrsa oiliúna nó ar dheiseanna oibre deonaí.

Leis an CV Europass is féidir leat:

  • do CV a chruthú agus a nuashonrú i 29 dteanga.
  • roghnú ó theimpléid CV Europass éagsúla.
  • do CV a shábháil ar do ghléas nó ar leabharlann Europass.
  • do CV a roinnt le tríú páirtí.

Do phróifíl Europass a chruthú

Cad is próifíl Europass ann?

Is í do phróifíl Europass do spás pearsanta ar líne inar féidir leat do scileanna, do chuid foghlama agus do chuid taithí oibre ar fad a chlárú, chomh maith le gnóthachtálacha agus eolas eile. Beidh an phróifíl mar ionad uilechuimsitheach ar a mbeidh tú in ann do chuid eolais a eagrú. Cuideoidh do phróifíl leat do scileanna agus do chuid taithí ar fad a chur ar taifead agus a fheiceáil in aon áit amháin. Is féidir leat an t-eolas i do phróifíl Europass a úsáid chun CVanna a chruthú do phoist nó cúrsaí ar leith a mbeifeá ag cur isteach orthu.

Conas is féidir liom mo phróifíl Europass a líonadh isteach?

Is próifíl phearsanta í do phróifíl Europass. Téigh go dtí an leathanach baile agus cliceáil ar an gcnaipe “Cruthaigh mo Europass”. Treorófar thú trí gach ceann de na céimeanna chun do phróifíl Europass a chruthú. A luaithe a bheidh do bhunphróifíl Europass (oideachas agus oiliúint, taithí oibre, scileanna teanga, scileanna digiteacha) líonta isteach agat, beidh tú in ann an chuid eile den phróifíl a nuashonrú agus a chur in eagar de réir na dtionscadal, na ngnóthachtálacha agus na scileanna eile is mian leat a chur ar taifead.

Má chláraíonn tú le Europass, beidh tú in ann codanna eile a chur isteach agus próifíl fhairsing a chruthú ina mbeidh taifead de do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí in aon áit amháin.

Mura gcláraíonn tú, ní bheidh tú in ann próifíl bhuan a choimeád ná rochtain a fháil ar uirlisí gaolmhara eile ar nós Mo LeabharlannMo Scileanna.

Cad é ‘Mo Scileanna’?

Is cuid de Europass ‘Mo Scileanna’ a thugann achoimre ar do scileanna duit bunaithe ar an eolas a chuireann tú le do phróifíl. Úsáidfear an t-eolas i Mo Scileanna chun moltaí saincheaptha post agus cúrsaí a chur ar do shúile duit.

Cad é ‘Mo Leabharlann’?

Is í do Leabharlann Europass do spás saor in aisce ar líne, atá nasctha le do phróifíl Europass, inar féidir leat comhaid a bhaineann le do ghairm agus d’oideachas a stóráil. Is féidir leat do CVanna, litreacha cumhdaigh, dintiúir dhigiteacha, gradaim, teastais, agus dioplómaí Europass chomh maith le doiciméid ábhartha ar bith eile a uaslódáil agus a roinnt. Ná stóráil choíche i do leabharlann Europass doiciméid ar bith ina bhfuil eolas íogair pearsanta (mar shampla: pasfhocail nó sonraí cuntais bainc).

Cad é ‘Mo Réimsí Spéise’?

Le ‘Mo Réimsí Spéise’ is féidir le húsáideoirí cláraithe cur síos ar a réimsí spéise agus spriocanna in Europass. Is féidir leat liosta príomhspriocanna a roghnú atá nasctha le do ghairm nó le d’oideachas nó le deiseanna eile, cuir i gcás obair dheonach nó taisteal. Is féidir leat freisin an suíomh/na suíomhanna is rogha leat a chur in iúl trí chathracha agus tíortha ábhartha a roghnú. Ar deireadh, is féidir leat topaicí agus scileanna ar mhaith leat tuilleadh eolais a chur orthu a liostú. Úsáidfear an t-eolas i ‘Mo Réimsí Spéise’ chun moltaí saincheaptha post agus cúrsaí a chur ar do shúile duit.

Mo phróifíl Europass a roinnt

do phróifíl Europass príobháideach ach is féidir leat nasc chuig do phróifíl a roinnt le fostóirí, institiúidí oideachais nó gairmthreoraithe chun cuidiú a fháil uathu nó mar chuid de d’iarratas. Is féidir leat do phróifíl iomlán a roinnt nó codanna ar leith de do phróifíl a roghnú lena roinnt. Is féidir leat an phróifíl a roinnt ar feadh tréimhse shocraithe ama agus is féidir leat an nasc a ‘scriosadh’ tráth ar bith ionas nach féidir le páirtithe seachtracha an phróifíl a fheiceáil a thuilleadh. Déan cinnte de i gcónaí go mbíonn a fhios agat cé hiad na daoine lena roinneann tú do phróifíl, agus ná roinn aon eolas íogair, pearsanta choíche.

An gá dom an phróifíl Europass ina hiomláine a líonadh isteach ag aon am amháin?

Ní gá. Ní hé go gcaithfear an phróifíl Europass ina hiomláine a líonadh isteach laistigh d’aon chuairt amháin. I ndáiríre, is fíorannamh a d’úsáidfeá gach eilimint nó a líonfá isteach gach cuid ag aon am amháin. Próiseas leanúnach is ea próifíl a thógáil agus ba cheart duit nuashonrú a dhéanamh gach uair a chuireann tú staidéir i gcrích, a chríochnaíonn tú taithí oibre nua, nó is mian leat scileanna nua a d’fhorbair tú a chur ar taifead.

Conas próifíl Europass a chruthú i dteanga eile.

Is féidir leat do phróifíl Europass a chruthú i 30 dteanga éagsúla. Agus do phróifíl á cruthú agat is féidir leat an teanga ábhartha a roghnú.

An gá dom gach cuid den phróifíl Europass a líonadh isteach?

Is í do phróifíl Europass do spás ar líne chun do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí a chur ar taifead. Is iad na réimsí nach mór duit a líonadh isteach na réimsí éigeantacha (ainm agus sloinne) amháin. Tá rogha agat cé na codanna is mian leat a líonadh isteach agus is féidir leat codanna nua a chur isteach agus do rogha teidil orthu chun cur síos ar do scileanna, do ghnóthachtálacha agus do thionscadail. Mar sin féin, tá sé tábhachtach do phróifíl Europass a nuashonrú le do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí nua ionas go mbíonn próifíl chothrom le dáta agat i gcónaí.

Cén cineál eolais is ceart dom a chur san áireamh i mo phróifíl Europass?

Is í do phróifíl Europass do spás ar líne chun do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí a chur ar taifead. Is féidir leat eolas a chur san áireamh maidir le do scileanna, do ghnóthachtálacha agus do thionscadail ar fad i ngach réimse de do shaol – an obair, an baile, staidéar, obair dheonach, agus caitheamh aimsire. Ná cuir san áireamh choíche i do phróifíl eolas íogair ar nós do shláinte, ciontuithe nó eolas nach mbaineann le do ghairm ná le d’oideachas.

Cé hiad na daoine a bhfuil rochtain acu ar mo phróifíl Europass?

Is leatsa amháin do phróifíl Europass agus níl rochtain ag aon duine eile ar do phróifíl ná ar do chuid eolais. Is féidir leat do phróifíl (nó codanna de do phróifíl) a roinnt le haon duine is mian leat. Mar shampla, is féidir leat do phróifíl a roinnt le fostóir mar chuid d’iarratas ar phost. Is féidir le húsáideoirí cláraithe an nasc chuig a bpróifíl a roinnt ar feadh tréimhse shocraithe ama freisin.

An féidir liom grianghraif a uaslódáil i mo phróifíl Europass?

Is féidir; féadfaidh tú íomhánna agus comhaid a uaslódáil nó naisc chuig físeáin a chur isteach sna codanna de do phróifíl Europass lena mbaineann. Déanfar iad sin a stóráil go huathoibríoch i do leabharlann Europass más úsáideoir cláraithe thú.

Cén t-eolas is féidir liom a fheiceáil ar an leathanach ‘Mé féin’ in Europass?

Is léiriú idirghníomhach ar do chuid eolais ar fad in Europass é an leathanach ‘Mé féin’. Ón leathanach ‘Mé féin’ is féidir leat an leagan is déanaí de do phróifíl a rochtain. Is féidir leat moltaí post agus cúrsaí atá diúltaithe agat nó atá sábháilte mar cheanáin agat a fheiceáil. Is féidir leat na heagarthóirí CV agus litreach cumhdaigh a rochtain nó eolas nua a chur le ‘Mo Scileanna’ agus ‘Mo Réimsí Spéise’. Is féidir leat freisin do ‘Fhotha Gníomhaíochta’ a fheiceáil, ina dtugtar achoimre ar an ngníomhaíocht ar fad a rinne tú le déanaí ar Europass, agus ‘Mo Shocruithe’ a fheiceáil, inar féidir leat do shocruithe príobháideachais a bhainistiú.

Eolas a chur ar Europass

Cad é Europass?

Is tacar uirlisí agus eolais ar líne é Europass a chuidíonn leat gach céim de do chuid foghlama agus do ghairm a bhainistiú. Tacaíonn na huirlisí agus an t-eolas leat maidir le do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí a chur in iúl go soiléir agus go comhsheasmhach ar fud na hEorpa. Is é an Coimisiún Eorpach a d’fhorbair Europass.

Cén fáth ar chóir dom Europass a úsáid?

Cuireann Europass uirlisí ar fáil duit a chuideoidh leat do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí a chur ar taifead, agus poist nó cúrsaí staidéir nua a chuardach chomh maith le cur isteach orthu.

Tugann Europass eolas agus pointí teagmhála ábhartha duit atá curtha ar fáil ag foinsí iontaofa Eorpacha agus náisiúnta, rud a chuideoidh leat cinntí gairme eolasacha a dhéanamh.

Chun do phróifíl Europass a chruthú agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na huirlisí agus as an eolas ar fad atá ar fáil ar Europass, is féidir leat clárú.

An féidir leat na huirlisí éagsúla a chuireann Europass ar fáil a mhíniú?

Má chláraíonn tú le Europass beidh rochtain agat ar na huirlisí seo ar fad a leanas:

  • Próifíl Europass – do spás pearsanta saor in aisce ar líne chun do scileanna, do cháilíochtaí agus do chuid taithí a chur ar taifead;
  • Leabharlann Europass – is féidir leat do chuid doiciméad a stóráil, a roinnt agus a eagrú;
  • Mo Réimsí Spéise – is féidir leat machnamh a dhéanamh ar do réimsí spéise gairme nó foghlama agus iad a shainaithint; 
  • Mo Scileanna - is féidir breathnú ar achoimre ar do scileanna i do phróifíl;
  • Eagarthóir ar líne – is féidir leat CVanna agus litreacha cumhdaigh éagsúla a chruthú chun bheith in oiriúint do do chuid iarratas;
  • Cuardach post agus cúrsaí – beidh rochtain agat ar bhunachar mór post agus cúrsaí ar fud na hEorpa.

Fiú mura bhfuil tú cláraithe, beidh rochtain agat ar roinnt uirlisí, an tEagarthóir ar Líne agus an Cuardach post agus cúrsaí san áireamh.

Cén costas a bhaineann le Europass?

Is tacar uirlisí agus eolais saor in aisce ar líne é Europass atá curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach. Níl aon chostas folaithe ná táille bhreise ag baint leis. Tabhair faoi deara nach féidir leat CV ná aon seirbhís a cheannach ó Europass. Tá gach seirbhís a chuireann Europass ar fáil saor in aisce agus ní iarrfar ort choíche sonraí bainc a thabhairt ná íocaíochtaí a dhéanamh. Má iarrtar a leithéid ort, téigh i dteagmháil leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann.