Más mian leat dul i mbun staidéir, i mbun oibre nó obair dheonach a dhéanamh is minic a bhíonn ort fianaise maidir le do chuid cáilíochtaí agus gnóthachtálacha a chur faoi bhráid fostóirí, institiúidí oideachais agus eile. Is minic a bhíonn deacrachtaí ag daoine leis an bpróiseas sin, go háirithe más mian leo aistriú go tír eile chun deis nua a thapú.
Cabhróidh an seicliosta seo de leideanna agus eolais seo leat aitheantas a fháil do do cháilíocht agus tú ag ullmhú le dul ag staidéar i dtír eile.
Bí réidh le do chuid scileanna agus cáilíochtaí a chur i láthair fostóra nó earcaitheora áit ar bith san Eoraip ar bhealach sothuigthe. Seo a leanas seicliosta de leideanna agus eolas chun cabhrú leat tú féin a ullmhú le dul ag obair i dtír eile.
Déanann Lárionad Náisiúnta Europass na gníomhaíochtaí ar fad a bhaineann le Europass a chomhordú i ngach tír a ghlacann páirt in Europass. Is é an chéad phointe teagmhála é d’aon duine nó eagraíocht ar spéis leo Europass a úsáid nó tuilleadh a fhoghlaim faoi.
Eolas maidir le seirbhísí úsáideacha náisiúnta agus de chuid an Aontais chun dul i mbun oibre sa Chróit.