Cad é an difríocht idir Próifíl Europass agus CV?

Is é do phróifíl Europass do spás pearsanta ar líne inar féidir leat do scileanna, d’oideachas, do chuid taithí oibre agus gnóthachtálacha agus eolas eile a chlárú. 

Tá an phróifíl ina ionad uilechuimsitheach inar féidir leat do chuid eolais a eagrú. Is féidir leat an t-eolas ar fad nó cuid den eolas ó do phróifíl Europass a úsáid chun CVanna a chruthú do phoist nó do chúrsaí a mbeifeá ag cur isteach orthu, mar sin cuidíonn sé leat do CV a chur in oiriúint do phost ar leith.

 

Leis an rogha ‘Cruthaigh CV’ is furasta CV amháin nó go leor CVanna a chruthú ó do Phróifíl Europass. Is féidir leat é a úsáid chun cur isteach ar phost, ar chúrsa oideachais, ar chúrsa oiliúna nó ar dheiseanna oibre deonaí.

Leis an CV Europass is féidir leat:

  • do CV a chruthú agus a nuashonrú i 29 dteanga.
  • roghnú ó theimpléid CV Europass éagsúla.
  • do CV a shábháil ar do ghléas nó ar leabharlann Europass.
  • do CV a roinnt le tríú páirtí.

Cad iad na réimsí atá éigeantach sa Litir Chumhdaigh?

Chun do litir chumhdaigh a chruthú, tá na réimsí seo a leanas éigeantach:

  • teanga na litreach cumhdaigh.
  • formáid an dáta.
  • céadainm/céadainmneacha.
  • sloinne/sloinnte.
  • ábhar.
  • beannachtaí (líon isteach an dá bhosca, fiú mura bhfuil ach ceann amháin acu éigeantach).
  • d’ainm (sa rannán ‘scoir’).

 

Ní réimsí éigeantacha iad na cinn eile. Mar sin féin, má líonann tú isteach an réimse ‘uimhir theileafóin’, beidh ort an cód tíre a chur isteach. Ar an gcaoi chéanna, má líonann tú isteach ‘Seoladh’ beidh ort an tír a roghnú chomh maith.

Cad é ESCO agus conas a úsáidtear é in Europass?

Is é ESCO (an tAicmiú Eorpach Scileanna, Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha) an t‑aicmiú ilteangach Eorpach le haghaidh Scileanna, Inniúlachtaí agus Gairmeacha. Tá ESCO mar a bheadh foclóir ann ina ndéantar cur síos ar na gairmeacha agus na scileanna atá ábhartha ó thaobh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh de agus ó thaobh oideachais agus oiliúna de, agus ina ndéantar iad a shainaithint agus a aicmiú.

Tugtar tuairisc in ESCO ar 2,942 ghairm agus ar 13,485 scil a bhaineann leis na gairmeacha céanna, agus tá na tuairiscí sin le fáil i 27 dteanga (gach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, chomh maith leis an Íoslainnis, an Ioruais agus an Araibis).

Úsáideann Europass ESCO ar thrí bhealach:  
1) Tá liosta réamhshainithe gairmeacha ag úsáideoirí Europass ar féidir leo roghnú uaidh sa rannán ‘Taithí Oibre’ dá bpróifíl nó dá CV.  
2) Ina theannta sin tugann ESCO cur síos iomlán ar ghairmeacha nuair a chliceálann tú ar an deilbhín ‘súil’. Is féidir leat cliceáil ansin ar an gcnaipe ‘Tuilleadh eolais’ a chuirfidh ar aghaidh thú chuig an eolas iomlán faoin ngairm ar leith.

An bhfuil taifead ann de na huaireanta uile a bhain deacrachtaí teicniúla do Europass?

Tá. Mura raibh tú in ann Europass a úsáid mar gheall ar an éagobhsaíocht, is féidir leat an Leathanach Logála Earráide a cheadú. Liostaítear ansin na dátaí agus na hamanna nach raibh aon rochtain ar Europass nó nach raibh ach rochtain pháirteach ar Europass, mar gheall ar chothabháil theicniúil phleanáilte nó fadhbanna teicniúla gan choinne.

Déan an triail shimplí seo chun cabhrú leat an leibhéal scileanna digiteacha atá agat a thuiscint.
Breathnaigh ar na huirlisí digiteacha ar fad a chuireann Europass ar fáil duit chun do chuid foghlama agus do ghairm a bhainistiú.

Conas is féidir liom ceangaltáin a chur le mo CV Europass?

Is féidir leat do dhoiciméid a roinnt go díreach ó Leabharlann Europass nó rannán a chur le do CV Europass leis an nasc chuig doiciméad/doiciméid ó do Leabharlann Europass.

Doiciméad/doiciméid ó do leabharlann Europass a roinnt mar úsáideoir cláraithe:

  • Céim 1: Roghnaigh an doiciméad/na doiciméid is mian leat a roinnt trí chliceáil ar an ticbhosca (ar chlé ar bharr gach doiciméid).
  • Céim 2: Roghnaigh ‘Roinn’.       
  • Céim 3: Is féidir leat an fad ama is féidir le daoine ar roinn tú an nasc leo do dhoiciméad/dhoiciméid a fheiceáil a choigeartú ar an mír aníos a osclófar.
  • Céim 4: Cliceáil ar an gcnaipe ‘Gin nasc’.

Gheobhaidh tú nasc uathúil is féidir leat a roinnt leis na daoine is mian leat.

Is féidir leat an nasc sin a chur le do CV Europass freisin. 

Tabhair do d’aire nach gcuirfear doiciméid a uaslódálann tú ar leabharlann Europass san áireamh go huathoibríoch i do CV Europass.

Roinn mé mo chuid faisnéise Europass trí hipearnasc. Conas is féidir liom an nasc sin a dhíghníomhachtú?

  • Logáil isteach i do chuntas Europass 
  • Téigh go dtí an rannán ‘fotha gníomhaíochta’ faoin gcnaipe ‘Mise’.
  • Cliceáil ar ‘cuir in eagar’ (an deilbhín i gcruth pinn) ar thaobh na láimhe deise den nasc sonrach.
  • Roghnaigh ‘dífhoilsigh an nasc’ chun an nasc sin a dhíghníomhachtú
Subscribe to