- update 166 days ago.

Ardán nuashonraithe Europass ar an bhfód le ceithre bliana inniu

ardán nuashonraithe Europass, a seoladh i mí Iúil 2020, ag ceiliúradh 4 bliana ar an bhfód inniu. Is seirbhís foghlama ar feadh an tsaoil agus bainistíochta gairme de chuid an Aontais é Europass, atá saor in aisce agus slán le húsáid ag na milliún daoine a bhfuil poist agus deiseanna foghlama á lorg acu ar fud na hEorpa. 

Tá beagnach seacht milliún úsáideoir cláraithe ag an ardán agus tugadh 90 milliún cuairt air ó seoladh é agus in 2023 amháin, íoslódáladh naoi milliún CV Europass. Is bealach caighdeánach iad Próifílí Europass agus CVanna san Aontas chun scileanna úsáideora agus taithí a chur a chur i láthair fostóirí féideartha agus soláthraithe oideachais agus oiliúna.  

Cuireann Europass uirlisí éifeachtacha agus eolas úsáideach a bhaineann le hobair agus foghlaim san Eoraip ar fáil d’úsáideoirí. Rinneadh roinnt nuashonruithe tábhachtacha i mbliana ar anuirlis Treochtaí Post agus Scileanna, rud a chinntíonn go bhfuil teacht ag úsáideoirí Europass ar na léargais is déanaí ar an margadh saothair. Is iomaí forbairt eile atá á déanamh ar uirlisí uile Europass, cuir i gcás ar an bpróifíl, anTógálaí CV agus eagarthóir na litreach cumhdaigh, forbairtí lena bhfuil na gnéithe agus na feidhmeanna á bhfeabhsú chun freastal níos fearr ar riachtanais na n-úsáideoirí. 

Agus an chloch mhíle seo á ceiliúradh ag Europass, coinnigh súil amach le haghaidh gnéithe agus feabhsuithe nua atá deartha chun conairí gairme agus foghlama úsáideoirí a bharrfheabhsú tuilleadh. Idir an dá linn, féach na hacmhainní atá ar fáil ar ardán Europass, acmhainní atá ag dul i méid de shíor.