- update 424 days ago.

An chéim struchtúrtha: Bainisteoir na n-iarratas

​​​​​​Cén dóigh ar féidir struchtúr a chur ar do chuid iarratas agus doiciméad ar fad in aon áit amháin ar bhealach níos éasca?

Tá go leor deiseanna fostaíochta agus foghlama ann a bhféadfadh sé gur mhian leat iarratas a dhéanamh orthu. Roinnt acu, b’fhéidir nach bhfaighfeá amach fúthu go dtí an nóiméad deireanach; roinnt eile, b’fhéidir go n-ullmhófá dóibh ar feadh na míonna. Sa dá chás, tá sé cliste do CVanna, do litreacha inspreagtha, do theastais agus do dhoiciméid tacaíochta ar fad a bheith réidh i do Leabharlann Europass. Is í Leabharlann Europass do spás slán ar líne atá inrochtana go héasca in éineacht le do phróifíl Europass.

Mura bhfuil sé sin déanta agat go fóill, uaslódáil do chuid doiciméad go léir ar do Leabharlann Europass agus bí réidh d’aon deis a d’fhéadfadh teacht chugat!

Is féidir leat fillteáin iarratas éagsúla a chruthú ina mbeidh tú in ann an méid seo a leanas a chur leis:

  • Eolas faoin deis, amhail an cur síos ar an bpost, ainm na heagraíochta agus an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh.
  • Ceangail na doiciméid go léir a bhaineann leis an iarratas sonrach sin amhail an CV atá curtha in oiriúint don phost sin, teastais, litir chumhdaigh, litreacha teistiméireachta agus naisc eile.
Is féidir leat d’fhillteán iarratais a shábháil, é a íoslódáil, nó nasc a chruthú is féidir leat a sheoladh chuig fostóirí féideartha

Tá an ghné sin an-úsáideach nuair a bhíonn tú ag cur isteach ar go leor post nó cúrsaí ag an am céanna, nó nuair a bhíonn ort súil a choinneáil ar sprioc-amanna daingne, na litreacha cumhdaigh éagsúla agus CVanna éagsúla, agus is féidir d’iarratais a chur in oiriúint do gach deis.