Céard é Europass? 

Is tacar saor in aisce d'uirlisí ar líne é Europass a chuidíonn leat do chuid scileanna a bhainistiú agus do chuid foghlama agus do ghairm bheatha san Eoraip a phleanáil.

Do phróifíl Europass a chruthú

Is féidir leat próifíl saor in aisce a chruthú le Europass, ina mbeidh cur síos ar do chuid scileanna, do cháilíochtaí agus do thaithí go léir in áit shlán amháin ar líne.

Féadfaidh tú do chuid oibre, oideachais agus oiliúna go léir a thaifeadadh, chomh maith le do scileanna teanga, do scileanna digiteacha, eolas faoi do thionscadail, taithí ar obair dheonach, agus aon nithe tábhachtacha atá bainte amach agat. Féadfaidh tú freisin dioplómaí, litreacha tagartha nó doiciméid eile ina gcuirtear síos ar a bhfuil bainte amach agat a stóráil i do Leabharlann Europass phearsanta.

Is féidir an phróifíl a chruthú i dteanga Eorpach amháin nó níos mó.

Conas do phróifíl Europass a úsáid

Is droichead í do phróifíl Europass chuig an gcéad chéim eile i do ghairm bheatha.

  • Úsáid do phróifíl Europass chun machnamh a dhéanamh ar na nithe is spéis leat agus do spriocanna gairme
  • Úsáid do phróifíl Europass chun súil a choinneáil ar an bhforbairt atá déanta agat agus chun an méid atá bainte amach agat a léiriú do d’fhostóir.
  • Faigh moltaí maidir le poist agus cúrsaí suimiúla atá ábhartha do do phróifíl.
  • Roinn do phróifíl le fostóirí agus earcaitheoirí chun deiseanna fostaíochta nua a fháil.
  • Roinn do phróifíl le hinstitiúidí oideachais chun teacht ar chúrsaí agus deiseanna oiliúna nua.
  • Roinn do phróifíl le comhairleoirí treorach chun comhairle gairme a fháil.
  • Ullmhaigh iarratais. Coinnigh taifead de do chuid iarratas go léir agus ullmhaigh CVanna agus litreacha cumhdaigh.
apply with europass infographic

Is é atá i do phróifíl Europass taifead pearsanta ar an méid atá bainte amach agat. Trí do phróifíl a nuashonrú ar bhonn leanúnach agus eolas a chur léi, beidh rochtain agat i gcónaí ar achoimre atá cothrom le dáta ar do chuid scileanna go léir.

Tá an t-eolas pearsanta go léir i do phróifíl Europass slán. Is tusa an t-aon duine a bhfuil teacht aige ar an eolas agus atá in ann é a roinnt.

Tús a chur leis

Cláraigh inniu le do phróifíl Europass a chruthú. Is é an tAontas Eorpach a chuireann an tseirbhís seo ar fáil agus tá sé go hiomlán saor in aisce - níl aon chostais cheilte, ardseirbhís ná síntiús i gceist.