Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

Is tacar uirlisí agus eolais ar líne é Europass a chuidíonn leat gach céim de do ghairm agus de do chuid foghlama a bhainistiú.

Is féidir le Europass tacú leat machnamh a dhéanamh ar do chuid scileanna agus iad a thaifeadadh chun an deis cheart a fháil duit, is cumas cé acu atá tú díreach tar éis an scoil a chríochnú nó i do ghairmí a bhfuil taithí aige agus atá ag iarraidh scileanna nua a fháil. Le huirlisí Europass is féidir leat d’aistear foghlama a mhúnlú agus do chuid foghlama a phleanáil.

Chun teacht ar an bpost ceart agus le bheith i gceannas ar do ghairm, ní mór na huirlisí cearta a bheith agat chun do chuid scileanna a chur in iúl d'fhostóirí. Cuireann Europass na huirlisí agus an t-eolas atá uait ar fáil duit chun do ghairm a bhainistiú i rith do shaoil.

Nuair a dhéantar na scileanna sin a bhailíochtú, cuireann sé ar a gcumas do dhaoine réimse iomlán a scileanna a úsáid ar mhaithe lena ngairm agus lena gcuid foghlama amach anseo.

Clúdaíonn Europass na céimeanna ar fad chun cuidiú leat litir chumhdaigh atá struchtúrtha, leanúnach agus gairmiúil a chur le chéile. Is féidir leat litreacha cumhdaigh nua a chruthú nó eagarthóireacht a dhéanamh ar litreacha atá agat cheana trí úsáid a bhaint as an uirlis atá ar Europass chun sin a dhéanamh.

Leis an uirlis cruthaithe CV atá ar Europass, tá sé éasca do CV a chruthú ar líne. Is féidir leat an uirlis a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar phost, ar dheiseanna oideachais nó oiliúna agus ar obair dheonach.

Subscribe to