- update 475 days ago.

Na huirlisí gréasáin saor in aisce atá á gcur ar fáil ag an Europass nua

Le Europass is féidir leat do CV Europass a chruthú go tapa agus go héasca! Ach an bhfuil a fhios agat go bhfuil roinnt uirlisí digiteacha ann is féidir leat a úsáid agus tú i mbun iarratas a dhéanamh ar phoist nó ar chúrsaí?

Níl le déanamh agat ach clárú chun do chuntas Europass a chruthú. Ansin is féidir leat do phróifíl Europass a chruthú, is é sin croílár do spáis Europass féin. Tá rochtain agat ar na huirlisí go léir gan aon chostas faoi cheilt agus ní bheidh rochtain ach agat féin amháin ar do chuid sonraí go léir.

Cad iad uirlisí Europass?

  • Poist a chuardach in aon cheann de 35 thír Europass,
  • Cúrsaí a chuardach,
  • Tuiscint a fháil ar an dóigh chun cur síos níos fearr a dhéanamh ar do chuid scileanna agus aird níos fearr a tharraingt orthu ar do CV nó ar do litir inspreagtha,
  • Do scileanna digiteacha a thuiscint agus tuarascáil mheasúnachta a fháil, rud is féidir leat a chomhroinnt go héasca,
  • Machnamh a dhéanamh ar na topaicí nó na hearnálacha inar spéis leat a bheith ag obair nó ag foghlaim agus soiléireacht a fháil maidir le do spriocanna foghlama agus gairme
  • Do chuid doiciméad uile a eagrú agus iad a stóráil in aon spás digiteach slán amháin
  • Ná caill sprioc-am choíche chun iarratas a chur isteach, agus comhroinn na doiciméid go léir a bhaineann le d’iarratas le haon nasc amháin leis an uirlis rianaithe iarratais.