Nuashonrú déanta ar an uirlis Treochtaí Post agus Scileanna de chuid Europass
Tá nuashonrú déanta ar an uirlis Treochtaí Post agus Scileanna a seoladh in 2023 mar chuid d’uirlisí Europass agus cuireadh gnéithe nua léi chun cabhrú leat cinntí eolasacha a dhéanamh i do chonair foghlama agus gairme. Seo a leanas forléargas tapa ar na príomh-nuashonruithe ar an uirlis.
Na príomh-nuashonruithe
- Is féidir leat breathnú ar na scileanna agus na poist a bhfuil éileamh orthu san Íoslainn agus san Iorua anois freisin.
- Na léargais uile laistigh den uirlis, tugadh cothrom le dáta iad le sonraí ó 2023, rud a thugann an t-eolas is déanaí d’úsáideoirí faoi threochtaí sa mhargadh fostaíochta.
- In ionad go díreach na 10 dtorthaí is fearr, is féidir le húsáideoirí teacht anois ar liosta níos cuimsithí de scileanna agus poist do gach tír agus liosta níos faide a fháil de thíortha ina bhfuil éileamh ar scileanna nó ar phoist ar leith.
- Feicfidh tú roinnt leideanna cabhracha freisin chun do chuardach a threorú agus chun cuidiú leat an uirlis a úsáid.
- Tabharfaidh liosta nua na ngrúpaí eolais léargas mionsonraithe duit ar na topaicí eolais is ábhartha d’aon phost a roghnaíonn tú.
- Na scileanna agus na poist a mheaitseálann do phróifílí, nó na tíortha ina raibh cónaí ort nó ina raibh tú ag obair, marcáiltear le deilbhíní anois iad, rud a fhágann go bhfuil sé níos éasca deiseanna ábhartha a shainaithint.
- Ligeann an cluaisín nua ‘Treochtaí’ duit breathnú ar staid an éilimh atá ar phost/grúpa gairme ar leith i cibé tír a roghnaíonn tú.
- Ligeann an scagaire ‘bliain’ duit rangú tíortha nó post don bhliain roghnaithe a fheiceáil.
- Feabhsaíodh an fheidhmiúlacht chuardaigh áit ar féidir leat do chuardaigh a ghlanadh agus sábhálfar stair do chuardaigh.
Má tá post á lorg agat nó más mian leat do ghairm a athrú, féach an Uirlis Treochtaí Post agus Scileanna ar Europass chun cabhrú leat cinntí eolasacha a dhéanamh faoin gcéad chéim eile de do shaol gairmiúil.
Mura bhfuil sé déanta agat go fóill, cruthaigh próifíl Europass duit féin chun an leas is fearr a bhaint as na huirlisí digiteacha atá saor in aisce agus iontaofa, cuir i gcás an t-eagarthóir CVanna, eagarthóir litreacha cumhdaigh agus tuilleadh chun tacú le gach céim de do chonairí foghlama agus gairme.