- update 468 days ago.

An chéim shábháilte: Gach eolas faoi 2FA

Is féidir le haiceálaithe 90% de na pasfhocail a bhriseadh le níos lú ná sé hiarracht. Cé chomh láidir is atá do phasfhocal? Cuir an dara céim leis chun do chuid sonraí ar Europass a choinneáil níos sábháilte. Cuir an fíordheimhniú dhá chéim leis chun logáil isteach ar Europass.

Cosúil le go leor seirbhísí eile a bhfuil sé d’aidhm acu do shonraí a chosaint ar ghoid, tá an fíordheimhniú dhá chéim éigeantach duit anois agus tú ag dul isteach i do chuntas Europass. Fágann sé sin go bhfuil chéim bhreise slándála de dhíth ort, rud a chinntíonn gur tú atá ag logáil isteach i ndáiríre. Cuideoidh sé sin le cosc a chur ar rochtain ar do shonraí pearsanta agus ar mhí-úsáid na sonraí sin.

Cad é atá de dhíth ort chun é sin a dhéanamh?

Is leor do ghléas móibíleach nó do shainaithint dhigiteach chun do phróiseas logáil isteach dhá chéim a shocrú do do Europass:

  • Íoslódáil an aip EU Login
  • Nasc an aip EU Login le do chuntas EU Login trí úsáid a bhaint as cód QR
  • Cuir cód leis nó déan do mhéarlorg a scanadh

Agus sin agat é! Rochtain thapa shábháilte ar do chuntas Europass.

Féach ar an bhfíseán seo nó léigh an mhír teagaisc le haghaidh treoir céim ar chéim chun fíordheimhniú dhá chéim a chur ar bun duit féin.